Claude Debussy
cumadóir Francach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba chumadóir Francach Claude Debussy (IPA: [klod aʃil dəbysi]) (22 Lúnasa 1862 – 25 Márta 1918). In éineacht le Maurice Ravel, ba cheann de mhór-chumadóirí na linne ar an stíl 'impriseanaíoch" é.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Tá Debussy ar cheann de na cumadóirí Francacha is tábhachtaí sa 19ú/20ú haois. Ach ní bhfuair sé an t-aitheantas a bhí ag dul dó, fiú ag deireadh a shaoil. Bronnadh an 'Chevalier de la Légion d'honneur' air sa bhliain 1903, onóir bheag.[2] Ach níor ligeadh isteach in Institut de France[3] é riamh.[4]