Clabhstra
From Wikipedia, the free encyclopedia
San ailtireacht, is éard is clabhstra[1] ann ná bealach siúil cumhdaithe timpeall ar spás oscailte nó cúirt, le colúnáid nó stuabhealach mar thaobh inmheánach is balla soladach mar thaobh seachtrach. De ghnáth is i gclochair nó mainistreacha a fhaightear a leithéid, mar cheangal idir eaglais is codanna eile an fhoirgnimh. Go minic bíonn sé ag dul ó dheas ó chorp na heaglaise is siar ón gcroslann.[2]