Chlodovechus I
chéad rí na Franks (c 466-511) / From Wikipedia, the free encyclopedia
B'é Chlodovechus I [1] (Gaeilge: Clóbhis, Clovis agus Clóvas) [2]) (466 – 27 Samhain 511) an chéad Rí na bhFranc agus is é a d'aontaigh na treibheanna Francacha go léir le chéile faoi cheannaire amháin. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí.
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Chlodovechus |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 466 (Féilire Ghréagóra) luach anaithnid |
Bás | 27 Samhain 511 44/45 bliana d'aois Páras (Impireacht na bhFranc) |
Áit adhlactha | Abbey of St Genevieve (en) |
Rí na bhFranc | |
481 – 27 Samhain 511 ← Childéric I – Theuderich I, Clodomir I, Childebert I, Clotaire I → | |
Consal Rómhánach | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Tréimhse ama | Low Roman Empire (en) agus an Chianaois Dhéanach |
Eile | |
Teideal uasal | Rí na bhFranc (481–511) |
Teaghlach | Na Meirvínsigh |
Céile | banphrionsa na bhFranc Clotilde (493–511) |
Páiste | Theuderich I ( banphrionsa na bhFranc) Childebert I ( Clotilde) Clotaire I ( Clotilde) Clodomir I ( Clotilde) Ingomer ( Clotilde) Clotilde ( Clotilde) |
Athair | Childéric I agus Basina Thuringia |
Siblín | Audofleda, Lanthilde agus Aboflede |
B'iad Tournai agus Cambrai lárionaid na Sailíní i gceantar Toxandria, atá anois ar teorann na Fraince agus na Beilge. Chloígh Clóvas na treibheanna Francacha máguaird agus bhunaigh sé é féin mar rí aonair orthu roimh a bhás.
Tháinig triúr de shliocht Clovis i gcumhacht; sin iad Teuderich II (†613), Teudebert (†612) agus Clotaire (†629). Is iadsan ba ríthe ar Burgundes, Austrasia, agus Neustria faoi seach .i. ar na trí thrian a bhí i ríocht na Meirvínseach.[3]