Cath Waterloo
From Wikipedia, the free encyclopedia
Áirítear go bhfuil Cath Waterloo, a tharla ar an Domhnach, 18 Meitheamh 1815, in aice le Waterloo sa Bheilg i measc na gcathanna is mó tábhacht dar troideadh riamh.[1] Maítear gur mhúnlaigh an cath sin todhchaí na hEorpa ar feadh céad bliain; go deimhin, ní raibh aon mhórchogadh ar an Mór-Roinn i gcaitheamh an ama sin.[2]
Fíricí Gasta Waterloo Campaign (en), Cineál ...
Waterloo Campaign (en) | |
---|---|
Cineál | cath |
Ainmnithe in ómós | Waterloo |
Dáta | 18 Meitheamh 1815 |
Tréimhse | Napoleonic era (en) |
Comhordanáidí | 50.6781°N 4.4122°E / 50.6781; 4.4122 |
Áit | Waterloo Battlefield (en) , Braine-l'Alleud |
Tír | an Bheilg |
Rannpháirtithe | Céad Impireacht na Fraince, An Phrúis, Hannover, Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus Brunswick-Wolfenbüttel (en) |
Dún
Ar an lá úd thug fórsaí na Fraince faoi stiúir Napoleon Bonaparte aghaidh ar chomhghuaillíocht Shasnach, Prúiseach (faoin ordú Gebhard Leberecht von Blücher, Prionsa Wahlstatt) srl. a bhí faoi stiúir an Mharascal Machaire Arthur Wellesley, nó Díuc Wellington mar ab fhearr aithne air in dhiaidh sin.