Caprinae
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an fhofhine Caprinae ina cuid den fhine athchogantach Bovidae, comhdhéanta den chuid is mó de bhuaibhidí meánmhéide. Tugtar caprine ar bhall den fhofhine seo i mBéarla. Corruair, tugtar “antalóp gabhair” ar bhall freisin, mar sin féin, ní chiallaíonn an téarmaíocht gur fíorantalóip iad na hainmhithe seo: is éard is fíorantalóp ann ná buaibhid le moirfeolaíocht mar a bheadh fia nó na hAntilocapridae.
Capra pyrenaica | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Fofhine | Caprinae Gray, 1821 |
Ainmníocht | |
Bunlitriú | Capridae |
Laistigh den fhofhine Caprinae, is iomadúla í an treibh Caprini, a chuimsíonn caoirigh, gabhair, agus ibigh.
Mheas roinnt tacsanomaíochtaí níos luaithe gur fhine faoi leith iad na Caprinae ar a dtugtar Capridae (agus dá bharr sin 'caprida'), ach anois, de ghnáth, meastar gur fofhine laistigh den fhine Bovidae í, dá bharr sin is cineál buaibhid í an 'caprina'.