Ballarat
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cathair i stát Victoria san Astráil is ea Ballarat. Tá sí suite ar mhachaire íochtarach an Ardáin Láir agus ar abhantrach Abhainn Yarrowee. Tá sí ar an gcathair intíre is mó san Astráil agus timpeall 96,000 duine ina gcónaí ann, daonra atá ag méadú i gcónaí.[1]
Ballarat | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Astráil | |||
Stát de chuid na hAstráile | Victoria | |||
Local government area of Victoria (en) | City of Ballarat (en) | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 116,201 (2021) | |||
• Dlús | 1,022 hab./km² | |||
Teanga oifigiúil | Béarla na hAstráile | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 113.7 km² | |||
Airde | 435 m | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 1838 | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | 3350 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 03 | |||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | visitballarat.com.au |
Archibald Yuille, lonnaitheoir Albanach, ba chúis le Ballarat a thabhairt ar an áit, ós eisean a thug an t-ainm ar réimse caorach dá chuid sa bhliain 1837.[2] Tagann an t-ainm ó "balla arat", fhocail ó theanga Bhundúchasach na Wathaurong a chiallaíonn "áit scíthe," más fíor.
Tháinig borradh suntasach faoin gcathair de bharr an óir a fuarthas ann sa 19ú haois. Thángthas ar ór ag Fód na hAinnise (Poverty Point, a dtugtar Golden Point anois air) ar 18 Lúnasa 1851, agus ba ghearr go bhfuair siad amach gur cheantar glárach é arbh fhurasta ór a bhaint as.
Tharraing an scéal na mílte as gach cearn agus a lán Éireannach san áireamh, agus i gceann bliana bhí baile mór san áit a mbíodh crainn agus caoirigh.[3] Tógadh an chéad mhuileann stampála san Astráil ann sa bhliain 1854.
Lean imeachtaí eile an mhianadóireacht. Tharla Éirí Amach Eureka (an t-aon éirí amach armtha i stair na tíre) ar 3 Nollaig 1854 ag Síog Mhiandóireachta Eureka mar agóid i gcoinne chostas ard na gceadúnas mianadóireachta. Eachtra í arb í siombail an daonlathais san Astráil í ó shin i leith, agus tá bratach na hócáide ar caomhnú fós.
I rith na ré céanna, sa bhliain 1857, leagadh amach Luibhghairdíní Ballarat, agus iad ar na luibhghairdíní is fearr sa tír.[4]Is cuid suntais é an méid dealbh atá iontu, agus sraith bustaí de Phríomh-Airí na tíre ann chomh maith.
Tá Her Majesty's ann, amharclann a tógadh sa bhliain 1875 agus í ar an gceann is buaine san Astráil,[5] agus an chéad réadlann bhardach san Astráil, a bunaíodh sa bhliain 1886.[6]
Fógraíodh Ballarat ina chathair sa bhliain 1871, ach mheath a rath de bharr lagú a tháinig ar an mianadóireacht. Mar sin féin, tá tábhacht leis an tráchtáil agus leis an turasóireacht fós.