Aonteasach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Téarma tuairisciúil ar ainmhithe ina rialaítear teocht inmheánach na colainne ag leibhéal réasúnta tairiseach atá neamhspleách ar athruithe sa teocht chomhthimpeallach. Tá na veirteabraigh fhorbartha is na héin aonteasach, agus den chuid is mó bíonn cumhdaigh inslithe ar a gcolainneacha a chabhraíonn le rialú na teochta.[1]