Angla-Shacsanaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Dream daoine a mhair sa Bhreatain Mhór ón 5ú haois ab ea na hAngla-Shacsanaigh. Sa téarma seo, cuimsítear daoine ó na treibheanna Gearmánacha a bhog go dtí an t-oileán ó Mhór-Roinn na hEorpa, chomh maith lena sliocht, agus grúpaí ó phobal dúchais na Breataine a ghlac roinnt gnéithe de chultúr agus de theanga na nAngla-Shacsanach. Go stairiúil, seasann tréimhse na nAngla-Shacsanach sa Bhreatain idir thart ar 450 AD agus 1066 AD, ó aimsir na chéad lonnaíochta suas go dtí aimsir Choncas na Normannach.[1]
Cruthaíodh náisiún na Sasanach le linn na tréimhse luath-Angla-Shacsanaigh, agus tá a lán de na gnéithe a gcuireadh tús leo ag an am sin fós le feiceáil sa lá atá inniu ann, an rialtas réigiúnach de shíreanna agus céadta ina measc. Le linn na tréimhse seo, bunaíodh an Chríostaíocht agus bláthaíodh an litríocht agus an teanga. Bunaíodh cairteacha agus an dlí freisin.[2] Is minic a úsáidtear an téarma Angla-Shacsanach i gcomhair an teanga a bhí á labhairt agus á scríobh ag na hAngla-Shacsanaigh i Sasana agus in oirthear na hAlban idir lár an 5ú haois agus lár an 12ú haois, ar a laghad. In úsáid léannta, tá sé níos gnáiche an tSean-Bhéarla a thabhairt uirthi.[3]
Stair d'fhéiniúlacht chultúrtha ar leith atá i gceist le stair na nAngla-Shacsanach. Scéal de ghrúpaí daoine éagsúla a ghlac leis an gCríostaíocht atá ann, agus bhí sé lárnach sa tslí ina mbunaíodh ríochtaí éagsúla. Cé go gcuireadh an fhéiniúlacht seo i mbaol agus na Danair ag forghabháil oirthear Shasana agus ag déanamh ionraí a d'éirigh ní b'fhairsinge de réir a chéle, tharla go dtreisíodh an fhéiniúlacht sin ag an am céanna; lean leis a bheith mar an fhéiniúlacht phríomha suas go dtí theacht na Normannach.[4] Tá cultúr na nAngla-Shacsanach le feiceáil sna stíleanna foirgneamh agus éadaí a bhí acu, agus sna lámhscríbhinní dhathmhaisithe agus na hearraí a cuireadh sna huaigheanna dá gcuid, chomh maith. Cuirtear dílseacht do threibheanna agus do thaoisigh áitiúla in iúl sna siombalaí nádúrtha atá ar na suaitheantais chultúrtha atá le feiceáil iontu. Rinne na scothaicmí taoisigh dá muintir féin a fhógairt ina ríthe, bhunaigh siad burhs, agus ba nós dóibh iad féin agus a muintirsean a thuiscint i dtéarmaí d'eachtraí agus pearsantachtaí ón mBíobla. Thar aon rud eile, mar a thug Helena Hamerow faoi deara, "lean leis na gaolta leathana fola agus áitiúla ... a bheith mar an príomhaonad lenar tairgeadh earraí ar fud na tréimhse Angla-Shacsanach."[5] Tá tionchar na nAngla-Shacsanach fós le feiceáil san 21ú haois, mar, de réir staidéar a foilsíodh i mí an Mhárta 2015, taispeáintear na ranna polaitíochta de réir na treibheanna a bhí sa Bhreatain i rith luath-thréimhse na nAngla-Shacsanaigh i ngéiniteach na Breataine sa lá atá inniu ann.[6]
[...]