An Ostair-Ungáir
constitutional monarchic union from 1867 to October 1918 / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard a bhí i gceist leis an Ostair-Ungáir (nó Impireacht na hOstaire is na hUngáire, nó an Démhonarcacht, nó Monarcacht na Danóibe, nó an Mhonarcacht Impiriúil Ríoga) ná an t-aontas bunreachtúil monarcach i lár na hEorpa a tháinig ar an bhfód de thoradh an Ausgleich, nó Comhréiteach na bliana 1867. De réir an chomhréitigh seo, thoiligh Rítheaghlach Ostarach Hapsburg an chumhacht a chomhroinnt le rialtas na hUngáire, agus mar sin rinneadh tír ar leith de Ríocht na hUngáire a raibh an ceann stáit, cuid de na ranna rialtais agus forais áirithe i bpáirt aici leis an Impireacht Ostarach. Sin an chúis a dtugtaí monarcacht Impiriúil Ríoga ar an Ostair-Ungáir: thagair an chéad aidiacht acu do ról an rialtóra mar Impire san Ostair, agus an dara ceann acu bhí sé ag trácht ar a ról mar Rí san Ungáir.
Mhair an démhonarcacht bliain amháin thar an leathchéad. Tháinig deireadh léi sa bhliain 1918, nuair a briseadh an Chéad Chogadh Domhanda ar na Cumhachtaí Láir (Impireacht na Gearmáine agus an Démhonarcacht). Ba ansin a tháinig na gluaiseachtaí náisiúnta chun tosaigh i measc na náisiúntachtaí beaga a raibh an Impireacht comhdhéanta astu, agus bhunaigh siad stáit nua dóibh féin.
Ní mór an giorrúchán k.u.k. (kaiserlich und königlich, "Impiriúil agus Ríoga") a aithint thar an ngiorrúchán k.k. (kaiserlich königlich, "Impiriúil Ríoga"). Tagraíonn an chéad ghiorrúchán d'údaráis na tíre go léir, idir an Ostair agus an Ungáir. Maidir leis an dara giorrúchán, tráchtann sé ar údaráis na hOstaire, nó is amhlaidh go raibh an tImpire ag rialú Ríocht na Boihéime (inniu: Poblacht na Seice) mar rí, freisin. Tagraíonn an giorrúchán kgl. ung. (königlich ungarisch, ríoga Ungárach) d'údaráis na hUngáire (m. kir. nó magyar királyi an leagan Ungáirise).