An Ungáiris
teanga Úgracha a labhraítear san Ungáir / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Ungáiris (magyar nyelv) an ceann is líonmhaire cainteoirí dúchais de na teangacha Fionn-Úgracha, agus í á labhairt ag 14,5 milliún duine san Ungáir, sa tSlóvaic, san Úcráin, sa Rómáin, sa tSeirbia, sa tSlóivéin agus sa Chróit. Ceann de na teangacha Úgracha í, in éineacht leis an teanga Khanty agus an teanga Mansi, dhá theanga bheaga mionlaigh a labhraítear cois Abhainn Ob sa Rúis (na teangacha Ob-Úgracha, mar a thugtar orthu freisin).
Is í an Fhionlainnis an dara teanga Fhinne-Úgrach is mó cainteoirí, ach ós rud é go mbaineann an dá theanga seo le craobhacha éagsúla an chrainn ghinealais, ní féidir leis an Úngarach adhmad ar bith a bhaint as caint an Fhionlannaigh, mura bhfuil an Fhionlainnis foghlamtha aige. Níor haithníodh an gaol idir na teangacha seo ach sa bhliain 1717, agus ina dhiaidh sin féin, bhí cuid mhaith de na huaisle Ungáracha an-doicheallach ag tabhairt aitheantais dó, ó ba náir leo a admháil go mbeadh aon bhaint acu le "muintir fhiáin na Laplainne". Is léir go raibh cúiseanna polaitiúla leis an gconspóid sin freisin.
Cé nach bhfuil sé éasca gaolmhaireacht na hUngáirise agus na Fionlainnise a aithint ar na focail, is féidir a thaispeáint go bhfuil eochairfhocail áirithe sa dá theanga cosúil le chéile. Seo cúpla sampla:
- Ungáiris: fa, Fionlainnis: puu - crann
- Ungáiris: fél, Fionlainnis: pelko - eagla
- Ungáiris: fészek, Fionlainnis: pesä - nead
- Ungáiris: könny, Fionlainnis: kyynel - deoir
- Ungáiris: kéz, Fionlainnis: käsi - lámh
- Ungáiris: hal, Fionlainnis: kala - iasc
- Ungáiris: ház - teach, Fionlainnis: kota - bothán, bothóg
- Ungáiris: szem, Fionlainnis: silmä - súil
- Ungáiris: máj, Fionlainnis: maksa - ae, crua-ae
Tá gramadach an dá theanga bunaithe ar na prionsabail ghinearálta chéanna, is é sin, is teangacha táite iad - úsáideann siad a lán iarmhíreanna agus foirmeacha gramadúla éagsúla.