An Hiondúchas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is traidisiún spioradálta aondiach[1] oirthearach é an Hiondúchas. Sa lá atá inniu ann, is é an tríú creideamh is mó ar domhan, agus ceann de na reiligiúin is sine ar domhan. D'imir an Hiondúchas tionchar mór ar reiligiúin eile, mar shampla an Búdachas, an Suíceachas agus an Seaineachas.
Ainmnithe in ómós | An Iondúis |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | creideamh cultúr stíl bheatha major religion (en) easainm |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | luach anaithnid, An tSind |
15 haois "RCh" | Vedas |
Gníomhaíocht | |
Ballraíocht | 1,200,000,000 (2020) |
Ballraíocht | 1,350,000,000 |
Faoi thionchar | |
Codanna | |
Thosaigh an reiligiún san India. Sa lá atá inniu ann, tá daonra mór Hiondúch i Neipeal (89%), san India (79%), in Oileán Mhuirís (52%), sa Ghuáin (40%), in Oileáin Fhidsí (38%), i Suranam (30%), sa Bhútáin (25%), in Oileán na Tríonóide (24%), i Srí Lanca (15%), agus sa Mhalaeisia (6.3%).[2] Tá daonra mór Hiondúch i dtíortha eile freisin, m.sh. tá dhá mhilliún duine Hiondúch ina gcónaí sna Stáit Aontaithe.[3] Tá timpeall ar 900 milliún Hiondúch ar fud an domhain.
Ní hé Hiondúchas an téarma ceart. Tugann daoine Hiondúcha Sanatan Dharm ar an traidisiún spioradálta seo. Ciallaíonn Sanatan gur traidisiún síoraí é; is éard atá sa téarma Dharm ná cleachtais spioradálta a fhorbraíonn tréithe spioradálta inmheánacha an duine, agus mar gheall air seo is féidir le duine Dia a bhaint amach.
Creideann daoine go bhfuil a lán míthuiscintí faoin Hiondúchas ann.[4][5][6][7][8][9][10][11]