An Diftéire
From Wikipedia, the free encyclopedia
Galar daonna is ea diftéire atá cúisithe ag an bachaillín Corynebacterium diphtheriae. Galar baictéarach tógálach a d'fhéadfadh cumhdach tiubh a chruthú sa tsrón, sa scornach nó san aer-phíobán atá ann.
Cineál | primary bacterial infectious disease (en) , Corynebacterium infection (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | scornach nimhneach, fiabhras, barking cough (en) , céislínteas, cliseadh croí, peripheral neuropathy (en) , pseudomembrane (en) agus at |
Scrúduithe | Elek's test (en) , cultúr mhicribhitheolaíochta agus scrúdú fisiciúil |
Cóireáil | antaibheathach, tracheotomy (en) agus antitoxin (en) |
Cógais benzylpenicillin (en) , tylosin (en) , antitoxin (en) , ampicillin (en) , Peinicillin, azithromycin (en) agus clarithromycin (en) | |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | tras-seoladh aeriompartha agus ionfhabhtú braoiníneach |
Cúis | Corynebacterium diphtheriae |
Aicmiú | |
ICD-10 | A36 |
ICD-9 | 032 |
CIAP | R83 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 3122 |
MedlinePlus | 001608 |
eMedicine | 782051, 215100, 1204017 agus 963334 |
MeSH | D004165 |
Orphanet | 1679 |
UMLS CUI | C0012546, C0010153 agus C1301422 |
DOID | DOID:11405 |
Bíonn na baictéir as a n‑éiríonn diftéire le fáil i mbéal, i scornach agus i srón duine atá ionfhabhtaithe. Is féidir na baictéir seo a chur ar aghaidh go daoine eile go héasca eile trí bhraonacha taise a scaipeadh le casacht nó le sraothanna. Uaireanta leanann deacrachtaí slogtha, giorra anála agus plúchadh as an diftéire. Is tinneas tromchúiseach é diftéire.
Gheobhaidh duine amháin as gach 15, a bhfuil an diftéire orthu, bás dá bharr. Cruthaíonn an diftéire tocsain (nimh) chumhachtach a dhéanann dochar do bhaill agus d’fhíocháin an choirp. Uaireanta leanann aimhréidhe eile as sin, cosúil le pairilis, cliseadh croí nó bás.