An Daonnachas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Seasamh fealsúnachta is ea an an daonnachas a dhéanann cúram don duine daonna, dínit an duine a cheiliúradh agus an sásamh daonna a iniúchadh.[1] Lena rá ar bhealach eile, is corpas d'fhealsúnachtaí agus de pheirspictíochtaí eiticiúla é an daonnachas a leagann béim ar ghíomhaíocht agus luach an duine, ina n-aonar agus le chéile. Bíonn tábhacht níos mó á chur ar an réasúnaíocht agus fianaise ná ar chreideamh daingean nó ar chloí le prionsabal.
Le linn tréimhse an Renaissance in Iarthar na hEorpa, rinne gluaiseachtaí na ndaonnachaithe iarracht tairbhí an léinn a léiriú, ó na foinsí clasaiceacha, agus réamh-Chríostaí, a bhí roimhe sin, neamhfhaofa ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
Sna linne seo, tá go leor gluaiseachtaí daonnacha ailínithe go láidir leis an aindiachas, agus úsáidtear an téarma "An Daonnachas" go minic mar fhorfhocal, i gcomhair na gcreideamh neamh-dhiachúil, faoi smaointe faoin ngré spioradálta, mar shampla brí agus cuspóir na beatha.Is féidir leis an téarma "An Daonnachas" bheith débhríoch, agus bíonn mearbhall leanúnach ann idir na húsáidí éagsúla a bhaintear as an téarma toisc go raibh baint ag ghluaiseachtaí éagsúla intleachtúla leis thar na bliantaibh.
San fhealsúnacht agus sna heolaíochtí sóisialta, tagraíonn "An Daonnachas" do pheirspictíoch a dhearbhaíonn coincheap áirithe de "nádúr an duine" (i gcodarsnacht leis an Fhrith-dhaonnachas).
Déanann "an Daonnachas" cur síos ar an idé-eolaíocht saolta a ghabhann leis an réasún, an eitic, agus an cheartas, agus a ndiúltíonn go sonrach smaointe osnádúrtha agus creidimh mar bhonn leis an mhoráltacht agus le chinntí a dhéanamh. D'eascair an daonnachas reiligiúnach as eagraíochtaí reiligiúnacha liobrálacha a d'fhorbair i dtreonna daonnachaíocha níos mó. Is éard is an daonnachas reiligiúnachh ná comhtháthú ar leith d'fhealsúnacht eiticiúil dhaonnachaíoch leis na deasghnátha agus creidimh de roinnt reiligiún faoi leith, cé go bhfuil an daonnachas reiligúnach dírithe fós ar riachtanais, spéiseanna agus cumais an duine.