An Bhútáin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír thalamhiata í Ríocht na Bútáine san Áise Theas, atá suite ag an taobh thoir de na Himiléithe. Tá Poblacht na hIndia teorainn ar theorainn léi sa deisceart, san oirthear agus san iarthar agus tá an tSín teorainn ar theorainn léi sa tuaisceart. Tugann muintir na Bútáine Druk Yul (Dzongkha: འབྲུག་ཡུལ་ 'drug yul) ar an tír. Ciallaíonn sé seo "Talamh Dhragan na Toirní".
An Bhútáin | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | Druk Tsenden | ||||
Mana | «Happiness is a place» «Mae hapusrwydd yn lle» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Thimphu | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 807,610 (2017) | ||||
• Dlús | 21.03 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | Dzongkha (en) | ||||
Reiligiún | Mahāyāna (en) , An Hiondúchas agus An Chríostaíocht | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 38,394 km² | ||||
Pointe is airde | Gangkhar Puensum (en) (7,570 m) | ||||
Pointe is ísle | Drangme Chhu (en) (97 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | stát prionsúil | ||||
Cruthú | 17 Nollaig 1907 8 Lúnasa 1949 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht bhunreachtúil | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Lhengye Zhungtshog (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Bútáine | ||||
• Druk Gyalpo (en) | Jigme Singye Wangchuck (1972–2008) | ||||
• Príomh-Aire na Bútáine | Lotay Tshering | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Bútáine | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 2,539,551,327 $ (2021) | ||||
Airgeadra | ngultrum na Bútáine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .bt | ||||
Glaochód | +975 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 110 agus 113 | ||||
Cód tíre | BT | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | bhutan.gov.bt |
Bhíodh an Bhútáin ar cheann de na tíortha ba iargúlta ar domhan ach diaidh ar ndiaidh tá méid áirithe forbartha ar siúl go háirithe sna ceantair uirbeacha. Fad is atá an fhorbairt shocair seo á chothú ag an rialtas tá iarrachtaí ar siúl gan cultúr agus traidisiúin na tíre a mhilleadh. Chuige sin, d'fhorbair rialtas na tíre a fhealsúnacht féin a dtugtar "Oll-sonas Náisiúnta" uirthi (Béarla "Gross National Happiness") agus mar aon le forbairt inbhuanaithe (Béarla: “sustainable development”), cuirtear béim faoi leith ar chultúr agus ar thimpeallacht na tíre a chaomhnú, agus ar dhea-chleachtas i dtaobh bainistíocht acmhainní. De réir suirbhé a dhein Ollscoil Leicester sa bhliain 2006, ar tugadh "World Map of Happiness" air, is iad na Bútánaigh na daoine is sonasaí ar domhan.
Tá achar 38,394 ciliméadar cearnaithe (14,824 troigh cearnaithe) ag an tír agus réimse leathan de thírdhreachtaí éagsúla inti, ó mhánna fothrópaiceacha an deiscirt go dtí sléibhte arda na Himiléithe sa tuaisceart, áit a bhfuil na beanna is airde os cionn seacht míle méadar.
Is í Thimphu an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Tá 100,000 daoine ina gcónaí ann.
Is Búdaithe iad formhór na ndaoine agus is reiligiún an stáit é an Búdachas Vajrayana. Is é an Hiondúchas an dara reiligiún is mó sa tír.
Tar éis na céadta bliain faoi mhonarcacht absalóideach, thogh muintir na tíre a gcéad rialtas daonlathach i mí an Mhárta 2008. Inniu,tá an Bhútáin mar bhall de na Náisiúin Aontaithe agus SAARC i measc cumann idirnáisiúnta eile.