Aegithalidae
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is fine d'éin bheaga bhídeacha iad na hAegithalidae, (Gaeilge: Meantáin earrfhada nó Meantáin toir), éin phasaireacha dhonna le eireabaill measartha fada is ea iad. Tá 13 speiceas i gceithre ghéineas san fhine, agus níl ach ceann díobh seo ar fáil taobh amhigh den Eoráise. Is éin ghníomhacha iad na meantáin toir, agus iad ag gluaiseacht beagnach i gcónaí agus ag lorg bia i dtoir agus i gcrainn. Le linn an tséasúir neamhphóraithe, maireann na héin in ealtaí de suas le 50 aonán.[1] Taispeánann roinnt speiceas dóibh pórú comhoibritheach, ar a dtugtar cúntóirí ag an nead freisin.[1]
Fíricí Gasta Tacsanomaíocht ...
meantán earrfhada | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Forfhine | Sylvioidea |
Fine | Aegithalidae Reichenbach, 1850 |
Dún