Cogadh na Reann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é The War of the Worlds, nó Cogadh na Reann mar a thugtar ar an aistriúchán Gaeilge a rinne Leon Ó Broin, an t-úrscéal is clúití, b'fhéidir, dár tháinig ó pheann bisiúil an scríbhneora Shasanaigh H. G. Wells.[1][2]
(en) The War of the Worlds | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | H. G. Wells |
Teanga | Béarla |
Foilseachán | Sasana , an Ríocht Aontaithe, 1898 |
Foilsithe i | Pearson's Magazine (en) |
Tréith | |
Príomhábhar | alien invasion (en) agus coilíneachas |
Seánra | úrscéal apacailipteach, ficsean eolaíochta, ficsean cogaidh agus litríocht ionraidh |
Taispeánann sé/sí | Fighting Machine (en) , martians (en) agus Heat-Ray (en) |
Gradam a fuarthas | |
Gradam a fuarthas | Barr-100 Leabhar Ficsin Eolaíochta agus Fantaisíochta de chuid NPR 100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde |
Cuid den tsraith | |
Ceannródaí an fhicsin eolaíochta a bhí in HG Wells, a scríobh go leor leabhar sa seánra. Tá cáil ar leith ar The War of the Worlds mar gheall ar an dráma raidió a rinne Orson Welles in 1938, a bunaíodh ar an leabhar. Bhuail scaoll an lucht éisteachta ar chloisteáil an dráma dóibh toisc nár thuig siad gur saothar ficsin a bhí ann.[3]
Is éard is ábhar don úrscéal ná ionradh na Marsach ar an Domhan agus iarrachtaí an tráchtaire (nach luaitear a ainm) dul i dteagmháil lena bhean chéile sa phraiseach a rinne na Marsaigh de Shasana. Cuntas céad pearsa atá ann ar ionradh ó Mhars, cé go mbaineann an reacaire feidhm as cuntas de chuid deartháir leis chun léargas níos leithne a thabhairt ar an scéal ná a bheadh dá mba a reacaireacht fhéin amháin a bheadh sa leabhar
Chuaigh an leabhar go mór mór i bhfeidhm ar ghlúin i ndiaidh glúine de léitheoirí, agus tá meas an chlasaicigh ag lucht an fhicsin eolaíochta air inniu.[4]
Rinne Leon Ó Broin aistriúchán sna 1930idí. D'fhoilsigh Evertype leagan nua sa bhliain 2015, faoi eagar ag Aibhistín Ó Duibh.