Is é an 1 Eanáir an 1ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tugtar Lá Caille nó Lá Nollag Beag air.
1766 – Cailleadh Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart , "Séamus III" de réir na Seacaibíteach (r. 1688 )
1901 – Ceiliúradh céad bliain Acht na hAontachta . Stop na húdaráis cruinniú de chuid an Irish League i mBéal Éasa i gContae Mhaigh Eo
1928 – Rugadh Iain Mac a' Ghobhainn , scríbhneoir (b. 1998 )
1926 – Thosaigh seirbhís Raidió na hÉireann ar an lá seo. Chuir Dubhghlas de hÍde tús léi go poiblí
1945 – Bunaíodh Córas Iompair Éireann , agus chuaigh A.P. Reynolds i gceannas air
1957 – D'ionsaigh an tIRA beairic de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh in Achadh Lon , agus fuair Seán Sabhat agus Feargal Ó hAnluain bás sa teagmháil
1982 – Rugadh Joe Gamble , imreoir sacair Éireannach
2002 – Tháinig an t-euro in áit an phunt mar airgeadra in Éirinn
2009 – Cailleadh Helen Suzman , polaiteoir de chuid na hAfraice Theas (r. 1917 )
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Satharn , 9 Márta 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Eanáir an dara lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 363 lá fágtha sa bhliain nó 364 i mbliain bhisigh.
1870 – Cuireadh tús le tógáil an Brooklyn Bridge i Nua Eabhrac
1900 – Osclaíodh Canáil Chicago
1907 – Chuaigh an chéad traein ó Shráid Amien go Binn Éadair
1920 – Rugadh Isaac Asimov , scríbhneoir ficsin eolaíochta (b. 1992 )
1922 – Foilsíodh an chéad eagrán de Poblacht na hÉireann , iris a bhunaigh na Poblachtánaigh le cur in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh
1941 – D'ionsaigh eitleáin bhuamála na Gearmáine Éire de thaisme. Fuair triúr ban bás i gContae Cheatharlach , agus gortaíodh cuid mhaith daoine sa phríomhchathair féin
1944 – Thug an Kerlogue , long Éireannach, 164 Gearmánach go dtí An Cóbh tar éis iad a tharrtháil amuigh ar an teiscinn mhór. Chuaigh a long féin i dtóin phoill nuair a bhuail toirpéad í
1959 – Ghlac Fidel Castro seilbh ar Chúba tar éis teitheadh Batista an lá roimhe sin
1971 – Cuireadh cosc ar fhógraíocht tobac ar an teilifís sna Stáit Aontaithe
1984 – Rugadh Denis Behan , imreoir sacair
2009 – Cailleadh Tony Gregory (r. 1947 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Eanáir an triú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 362 lá fágtha sa bhliain nó 363 i mbliain bhisigh.
Teileascóp James Lick
1883 – Rugadh Clement Attlee , príomh-aire na Ríochta Aontaithe (b.1967 )
1888 – Úsáidtear an Teileascóp Lick don chéad uair, an ceann is mó sa domain don am sin
1892 – Rugadh J. R. R. Tolkien , scríbhneoir Sasanach (b. 1873 )
1921 – Tionóladh an chéad chruinniú i bParliamint na hIndia
1926 – Rugadh George Martin , léiritheoir ceoil
1946 – Rugadh John Paul Jones , ceoltóir (Led Zeppelin )
1946 – Cailleadh William Joyce ("Lord Haw Haw" ) craoltóir Naitsíoch a cuireadh chun báis
1956 – Rugadh Mel Gibson , aisteoir, in Astráil
1964 – Tháinig an Banphrionsa Margaret agus Tiarna Snowdon ar cuairt go hÉirinn
1967 – Cailleadh Jack Ruby , marfóir (r.1911 )
1969 – Rugadh Michael Schumacher , tiománaí Foirmle a hAon
2007 – Cailleadh Michael Yeats , polaiteoir agus mac le W. B. Yeats (r.1921 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Eanáir an ceathrú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 361 lá fágtha sa bhliain nó 362 i mbliain bhisigh.
1643 – Rugadh Isaac Newton , fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach (b.1727 )
1785 – Rugadh Jacob Grimm , scríbhneoir Gearmánach (b.1863 )
1926 – Bunaíodh an chéad chlub eitleoireachta in Éirinn in Óstán Hibernian, Baile Átha Cliath
1937 – D'fhág Príomh-Raibí na hÉireann, an Dochtúir Isaac Herzog , Éire le haghaidh a thabhairt ar Iarúsailéim , áit a raibh post nua ag fanacht leis
1961 – Cailleadh Erwin Schrödinger , fisiceoir (r.1887 )
1965 – Cailleadh T. S. Eliot , scríbhneoir (r.1888 )
1969 – D'ionsaigh na Protastúnaigh lucht na máirseála ag Droichead Bhun Tolaid
1974 – Dhiúltaigh na hAontachtóirí do Chomhaontú Sunningdale ag cruinniú i mBéal Feirste
1977 – Rugadh Dónal Ó Sheancháin , iománaí
1986 – Cailleadh Phil Lynott , amhránaí Éireannach as Thin Lizzy
1999 – Tháinig an tEuro ar mhalartáin airgeadais na hEorpa an chéad uair, mar airgeadra fíorúil, cé nach raibh sé ann go fóill i bhfoirm nithiúil
2005 – Cailleadh Ali al-Haidri , gobharnóir ar Bhagdad (feallmharú)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Eanáir an cúigiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 360 lá fágtha sa bhliain nó 361 i mbliain bhisigh.
1762 – Cailleadh Éilís , banimpire na Rúise (r.1709 )
1839 – Oíche na Gaoithe Móire
1930 – Rugadh Buzz Aldrin , spásaire Meiriceánach
1922 – Cailleadh Ernest Shackleton , taiscéalaí (r.1874 )
1932 – Rugadh Umberto Eco , scríbhneoir Iodálach
1933 – Cailleadh Calvin Coolidge , 30ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1872 )
1936 – Cailleadh Ramón del Valle-Inclán , drámadóir agus úrscéalaí Spáinneach (r.1866 )
1938 – Rugadh Juan Carlos , rí na Spáinne
1956 – Rugadh Frank-Walter Steinmeier , polaiteoir Gearmánach
1976 – Cailleadh John A. Costello , 2ú Taoiseach na hÉireann (r.1891 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Eanáir an séú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 359 lá fágtha sa bhliain nó 360 i mbliain bhisigh. De réir traidisiún, tugtar Nollaig Bheag nó Nollaig na mBan ar an lá seo in Éirinn.
1367 – Rugadh Risteard II , rí Shasana (b.1400 )
1822 – Rugadh Heinrich Schliemann , fear gnó agus seandálaí (b.1890 )
1884 – Cailleadh Gregor Mendel , eolaí (r.1822 )
1919 – Cailleadh Theodore Roosevelt , 26ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1858 )
1946 – Rugadh an cheoltóir le Pink Floyd , Syd Barrett , faoin ainm Roger Keith Barrett (b.2006 )
1956 – Rugadh Elizabeth Strout , scríbhneoir
1980 – Rugadh Steed Malbranque , imreoir sacair
2009 – Cailleadh Ron Asheton , giotáraí (r.1944 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Eanáir an seachtú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 358 lá fágtha sa bhliain nó 359 i mbliain bhisigh.
1536 – Cailleadh Caitríona Aragón , céad bhean chéile Anraí VIII (r.1485 )
1800 – Rugadh Millard Fillmore , 13ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1874 )
1858 – Rugadh Eliezer Ben-Yehuda , iriseoir agus teangeolaí (b.1922 )
1902 – Rugadh George Kingsley Zipf , teangeolaí Meiriceánach (b.1950 )
1934 – Rugadh Tassos Papadopoulos , 5ú Uachtarán na Cipire
1975 – Cailleadh Sinéad de Valera , bean chéile polaiteoir Éireannacha Eamon de Valera (r.1878 )
1982 – Rugadh Kenny Egan , dornálaí Éireannach
1986 – Cailleadh Juan Rulfo , scríbhneoir Meicsiceach (r.1918 )
1989 – Cailleadh Hirohito , 124ú Impire na Seapáine (r.1901 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Eanáir an ochtú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 357 lá fágtha sa bhliain nó 358 i mbliain bhisigh.
1324 – Cailleadh Marco Polo , taiscéalaí Veinéiseach (r.1254 )
1642 – Cailleadh Galileo Galilei , 77, réalteolaí (r.1564 )
1815 – Cath New Orleans , Stáit Aontaithe Mheiriceá
1871 – Rugadh James Craig , an chéad Príomh– Aire Thuaisceart Éireann (b.1940 )
1935 – Rugadh Elvis Presley , ceoltóir (b. 1977 )
1942 – Rugadh Stephen Hawking , fisiceoir teoiriciúil Briotanach
1947 – Rugadh David Bowie , amhránaí agus aisteoir Sasanach
1996 – Cailleadh François Mitterrand , 21ú uachtarán na Fraince (r.1916 )
2007 – Cailleadh David Ervine , polaiteoir (r.1953 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Eanáir an naoiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 356 lá fágtha sa bhliain nó 357 i mbliain bhisigh.
1873 – Cailleadh Napoleon III , ceannaire ar an bhFrainc (r.1808 )
1878 – Cailleadh Vittorio Emanuele II , Rí na hIodáile (r.1820 )
1890 – Rugadh Karel Čapek , scríbhneoir (b.1938 )
1908 – Rugadh Simone de Beauvoir , údar, fealsamh, agus iriseoir (b.1986 )
1913 – Rugadh Richard M. Nixon , 37ú Uachtarán na Stát Aontaithe (b. 1994 )
1929 – Rugadh Brian Friel , drámadóir
1941 – Rugadh Joan Baez , amhránaí agus cumadóir amhrán
1944 – Rugadh Jimmy Page , ceoltóir (Led Zeppelin )
1956 – Rugadh Imelda Staunton , aisteoir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Eanáir an deichiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 355 lá fágtha sa bhliain nó 356 i mbliain bhisigh.
49 RC – Thrasnaigh Iúil Caesar abhainn an Rubicon, ag cur tús le cogadh cathartha sa Róimh
1654 – Cailleadh Nicholas Culpeper , luibheolaí Sasanach (r.1616 )
1776 – Foilsíodh Common Sense le Thomas Paine
1778 – Cailleadh Carl von Linné , luibheolaí Sualannach (r.1707 )
1880 – Rugadh Manuel Azaña , polaiteoir Spáinneach (b.1940 )
1922 – Toghadh Arthur Griffith mar uachtarán Dháil Éireann
1960 – Rugadh Brian Ó Comhain , 12ú Taoiseach
1984 – Cailleadh Seán Mac an tSaoi , polaiteoir Éireannach & 5ú Tánaiste (r.1889 )
2016 – Cailleadh David Bowie , ceoltóir Sasanach (r.1947 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Eanáir an chéad lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 354 lá fágtha sa bhliain nó 355 i mbliain bhisigh.
347 – Rugadh Theodosius I , impire Rómhánach (b.395)
1957 – Rugadh Bryan Robson , iar-imreoir agus bainisteoir sacair
1966 – Cailleadh Hannes Kolehmainen (Hymyïlevä Hannes) , lúthchleasaí Fionlannach (r.1889 )
1962 – Maraíodh 4,000 duine i maidhm shléibhe a tharla i bPeiriú
1999 – Cailleadh Brian Moore , úrscéalaí (r.1921 )
2008 – Cailleadh Edmund Hillary , sléibhteoir agus taiscéalaithe (r.1919 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Eanáir an dara lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 353 lá fágtha sa bhliain nó 354 i mbliain bhisigh.
1729 – Rugadh Edmund Burke , scríbhneoir, fealsamh, polaiteoir (b.1797 )
1885 – Rugadh Tomás Ághas , ceannaire Óglaigh na hÉireann (b.1917 )
1893 – Rugadh Hermann Göring , polaiteoir agus ceannaire Gearmánach (b.1946 )
1924 – Rugadh Matti Kassila , stiúrthóir scannán
1976 – Cailleadh Agatha Christie , úrscéalaí (r.1890 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Eanáir an tríú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 352 lá fágtha sa bhliain nó 353 i mbliain bhisigh.
1599 – Cailleadh Edmund Spenser , file Sasanach (r.1552 )
1887 – Rugadh Hedd Wyn , file (b.1917 )
1917 – Rugadh Tarlach Ó hUid , scríbhneoir Éireannach (b.1990 )
1941 – Cailleadh James Joyce , scríbhneoir, file (r.1882 )
1960 – Rugadh Dolores Nic Chonmara , an bhean is ámharaí in Éirinn
1977 – Rugadh Orlando Bloom , aisteoir
1984 – Rugadh Glenn Whelan , imreoir sacair
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Eanáir an ceathrú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 351 lá fágtha sa bhliain nó 352 i mbliain bhisigh.
1742 – Cailleadh Edmund Halley , réalteolaí, matamaiticeoir agus fisiceoir Shasanach (r. 1656 )
1753 – Cailleadh George Berkeley , fealsamh Éireannach (r. 1685 )
1898 – Cailleadh Lewis Carroll , scríbhneoir Sasanach (r.1832 )
1941 – Rugadh Faye Dunaway , aisteoir Meiriceánach
1957 – Cailleadh Humphrey Bogart , aisteoir (r.1899 )
1968 – Rugadh LL Cool J , rapcheoltóir
1969 – Rugadh Dave Grohl , ceoltóir Meiriceánach
1973 – Rugadh Giancarlo Fisichella , tiománaí Foirmle a hAon
1988 – Cailleadh Georgy Malenkov , polaiteoir Sovéideach (r. 1902 )
2006 – Cailleadh Shelley Winters , banaisteoir Meiriceánach (r. 1920 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Eanáir an cúigiú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 350 lá fágtha sa bhliain nó 351 i mbliain bhisigh.
1622 – Rugadh Molière , drámadóir Francach (b.1673 )
1919 – Cailleadh Rosa Luxemburg , fealsúnaí sóisialach (r.~1870)
1929 – Rugadh Martin Luther King , gníomhaí agus ceannaire Meiriceánach (b.1968 )
1981 – Rugadh El-Hadji Diouf , imreoir sacair
1983 – Rugadh Keith Fahey , imreoir sacair
1988 – Cailleadh Seán MacBride , polaiteoir agus taidhleoir Éireannach (r.1904 )
2001 – Tháinig an chiclipéid idirlíne as Béarla Wikipedia ar líne don chéad uair (Lá Wikipedia )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Eanáir an séú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 349 lá fágtha sa bhliain nó 350 i mbliain bhisigh.
1901 – Rugadh Fulgencio Batista , deachtóir agus uachtarán Chúba (b.1973 )
1940 – Rugadh Franz Müntefering , polaiteoir Gearmánach
1933 – Rugadh Susan Sontag , scríbhneoir Meiriceánach (b. 2004 )
1956 – Rugadh Martin Jol , bainisteoir, agus iar-pheileadóir sacair
1982 – Cailleadh Ramón J. Sender , scríbhneoir Spáinneach (r. 1901 )
1984 – Rugadh Craig Beattie , imreoir sacair
1995 – Taispeánadh an chéad chlár de Star Trek: Voyager
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Eanáir an seachtú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 348 lá fágtha sa bhliain nó 349 i mbliain bhisigh.
395 – Fuair an tImpire Theodosius I bás agus scair Impireacht na Róimhe ina dhá leath: an impireacht thoir faoi Arcadius agus an impireacht thiar faoi Honorius
1377 – D'aistrigh an Pápa Gréagóir XI suíomh na pápachta ar ais ó Avignon go dtí an Róimh
1773 – Agus an Captaen James Cook i gceannas, trasnaigh an HMS Resolution an Ciorcal Antartach den chéad uair riamh
1860 – Rugadh Dubhghlas de hÍde (pictiúr), 1ú Uachtarán na hÉireann (b.1949 )
1863 – Rugadh David Lloyd George , polaiteoir Briotanach (b.1945 )
1893 – Cailleadh Rutherford B. Hayes , 19ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1822 )
1899 – Rugadh Al Capone , drongadóir Iodáil-Mheiriceánach (b.1947 )
1942 – Rugadh Muhammad Ali , dornálaí Meiriceánach
1945 – Ghabh na Sóivéadaigh Raoul Wallenberg san Ungáir
1962 – Rugadh Jim Carrey , fuirseoir agus aisteoir Ceanadach
1964 – Rugadh Michelle Obama , dlíodóir Meiriceánach
2007 – Cailleadh Séan Mac Réamoinn , craoltóir Éireannach (r.1921 )
2008 – Cailleadh Bobby Fischer , sármháistir fichill (r.1943 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Eanáir an ochtú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 347 lá fágtha sa bhliain nó 348 i mbliain bhisigh.
1591 – Mharaigh Naresuan, Rí Shiam, Mingyi Swa, prionsa corónach Bhurma, i gcomhrac aonair.
1778 – An Captaen James Cook an chéad Eorpach, is dócha, a chonaic Haváí
1788 – Bhain an chéad loingeas Briotanach Botany Bay amach san Astráil
1862 – Cailleadh John Tyler , 71, 10ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1790 )
1930 – Rugadh Breandán Ó hEithir , údar, craoltóir agus iriseoir (b.1990 )
1933 – Rugadh John Boorman , stiúrthóir scannáin Sasanach
1936 – Cailleadh Rudyard Kipling , 70, údar agus file Sasanach (r.1865 )
1937 – Rugadh John Hume , iar-pholaiteoir
1947 – Rugadh Takeshi Kitano , stiúrthóir scannáin Seapánach
1977 – Rugadh Neale Fenn , imreoir sacair
1980 – Rugadh Robert Green , imreoir sacair
1982 – Cailleadh Huang Xianfan , staraí Síneach (r.1892 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Eanáir an naoú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 346 lá fágtha sa bhliain nó 347 i mbliain bhisigh.
1809 – Rugadh Edgar Allan Poe , scríbhneoir (b.1849 )
1848 – Rugadh Matthew Webb , mairnéalach agus snámhóir (b.1883 )
1920 – Rugadh Javier Pérez de Cuéllar , 5ú Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe
1942 – Rinne an tSeapáin ionradh ar Burma
1943 – Rugadh Janis Joplin , amhránaí agus cumadóir ceoil (b.1970 )
1946 – Rugadh Dolly Parton , ceoltóir Meiriceánach
1968 – Cailleadh Alfred Chester Beatty , fear gnó agus bailitheoir (r.1875 )
1969 – Rugadh Steve Staunton , iar-imreoir sacair
2006 – Cailleadh Wilson Pickett , amhránaí (r.1941 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Eanáir an fichiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 345 lá fágtha sa bhliain nó 346 i mbliain bhisigh.
1775 – Rugadh André-Marie Ampère , fisiceoir Francach (b.1836 )
1907 – Cailleadh Dmitri Ivanovich Mendeleev , ceimiceoir (r.1834 )
1936 – Cailleadh Seoirse V , rí na Ríochta Aontaithe (r.1865 )
1949 – Rugadh Göran Persson , 31ú Príomh-Aire na Sualainne
1960 – Rugadh Ján Figeľ , polaiteoir Slóvacach
1993 – Cailleadh Audrey Hepburn , aisteoir Meiriceánach (r.1929 )
1996 – Toghadh Iasar Arafat ina uachtarán ar an Údarás Palaistíneach
2005 – Cailleadh Per Borten , Príomh-Aire na hIorua (r.1913 )
2009 – Ghlac Barack Obama mionn oifige Uachtaráin SAM
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Eanáir an 21ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 344 lá fágtha sa bhliain nó 345 i mbliain bhisigh.
1793 – Chiontaigh Comhdháil Náisiúnta na Fraince Laoiseach XVI , Rí na Fraince, as tréas agus imríodh an gilitín air (r.1754 )
1874 – Rugadh Séamas Ó Lorcáin (Big Jim Larkin) , ceardchumannaí (b.1947 )
1919 – Cuireadh parlaimint Éireannach bhreis-dhleathach, an Chéad Dáil Éireann , ar bun
1919 – Thosaigh Cogadh na Saoirse in Éirinn i Sulchóid, Contae Thiobraid Árann
1922 – Rugadh Paul Scofield , aisteoir Sasanach (b.2008 )
1924 – Cailleadh Vlaidímír Léinín , ceannaire agus réabhlóidí cumannach (r.1870 )
1950 – Cailleadh George Orwell (Eric Arthur Blair) , úrscéalaí (r.1903 )
1979 – Rugadh Brian O'Driscoll , imreoir rugbaí Éireannach
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Eanáir an 22ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 343 lá fágtha sa bhliain nó 344 i mbliain bhisigh.
1645 – Rugadh William Kidd , mairnéalach (b.1701 )
1901 – Cailleadh Banríon Victoria I , banríon na Breataine (r.1819 )
1905 – Sléacht Dhomhnach na Fola i gCathair Pheadair na Rúise
1953 – Rugadh Jim Jarmusch , stiúrthóir scannáin
1974 – Rugadh Joseph Muscat , polaiteoir Máltach
1973 – Cailleadh Lyndon B. Johnson , 36ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1908 )
1973 – Tháinig Éire , an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg isteach sa Chomhphobal Eorpach .
1980 – Rugadh Jonathan Woodgate , imreoir sacair
2008 – Cailleadh Heath Ledger , aisteoir (r.1979 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Eanáir an 23ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 342 lá fágtha sa bhliain nó 343 i mbliain bhisigh.
1737 – Rugadh John Hancock , státaire Meiriceánach (b.1793 )
1803 – Cailleadh Arthur Guinness , bríbhéir Éireannach (r.1725 )
1556 – Maraíodh thart ar 830,000 duine i gcrith talún sa tSín
1936 – Rugadh Horst Mahler , iar-sceimhlitheoir de chuid Dhrong Baader-Meinhof
1941 – Táirgeadh níolón don chéad uair riamh sa Bhreatain
1989 – Cailleadh Salvador Dalí , ealaíontóir Spáinneach (r.1904 )
2005 – Cailleadh Johnny Carson , fuirseoir agus Láithreoir teilifíse (r.1925 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Eanáir an 24ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 341 lá fágtha sa bhliain nó 342 i mbliain bhisigh.
41 – Maraíodh an t-impire Rómhánach Caligula (r.12 AD)
1712 – Rugadh Friedrich II , rí na Prúise (b.1786 )
1848 – Thosaigh Fuadar Óir Chalifornia
1888 – Rugadh Ernst Heinkel , dearthóir agus déantóir eitleán (b.1958 )
1917 – Rugadh Ernest Borgnine , aisteoir (b.1958 )
1961 – Cailleadh Aarne Haapakoski , iriseoir agus scríbhneoir Fionlannach (r.1904 )
1965 – Cailleadh Winston Churchill , polaiteoir Briotanach (r.1874 )
1984 – Rugadh Shaun Maloney , imreoir sacair
1987 – Rugadh Luis Alberto Suárez , imreoir sacair
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Eanáir an 25ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 340 lá fágtha sa bhliain nó 341 i mbliain bhisigh.
1627 – Rugadh Robert Boyle , fisiceoir agus ceimiceoir (b.1691 )
1882 – Rugadh Virginia Woolf , scríbhneoir Sasanach (b.1941 )
1933 – Rugadh Corazon Aquino , Uachtarán ar Phoblacht na nOileán Filipíneach
1938 – Rugadh Vladimir Vysotsky , amhránaí, file agus aisteoir (b.1980 )
1947 – Cailleadh Al Capone , drongadóir Iodál-Meiriceánach (r.1899 )
1951 – Rugadh M.J. Ó Nualláin , polaiteoir Éireannach
1952 – Cailleadh Sveinn Björnsson , uachtarán na hÍoslainne (r.1881 )
1979 – Rugadh Beircheart Ó Conchúir , iománaí
1980 – Rugadh Xavier Hernández , imreoir sacair
1999 – Maraíodh thart ar 1,000 duine i gcrith talún sa Cholóim
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Eanáir an 26ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 339 lá fágtha sa bhliain nó 340 i mbliain bhisigh.
Inniu Australia Day san Astráil agus Lá na Saoirse sa Uganda .
1891 – Cailleadh Nikolaus Otto , cumadóir agus innealtóir Gearmánach (r.1832 )
1904 – Rugadh Seán MacBride , polaiteoir agus taidhleoir (b.1988 )
1918 – Rugadh Nicolae Ceausescu , ceannaire cumannach na Rómáine (b.1989 )
1926 – Rugadh Paul Newman , aisteoir agus fiontraí Meiriceánach (b.2008 )
1950 – Rugadh Jörg Haider , polaiteoir Ostarach (b.2008 )
1963 – Rugadh José Mourinho , bainisteoir sacair
1963 – Rugadh Anders Fogh Rasmussen , príomh-aire na Danmhairge
2005 – Cailleadh Jackie Henderson , iar-imreoir sacair (r.1932 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Eanáir an 27ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 338 lá fágtha sa bhliain nó 339 i mbliain bhisigh.
1756 – Rugadh Wolfgang Amadeus Mozart , cumadóir ceoil Ostarach (b.1791 )
1832 – Rugadh Lewis Carroll , scríbhneoir Sasanach (b.1898 )
1859 – Rugadh Wilhelm II , impire na Gearmáine, rí na Prúise (b.1941 )
1901 – Cailleadh Giuseppe Verdi , cumadóir Iodálach (r.1813 )
1933 – Rugadh Mohamed Al-Fayed , fear gnó
1940 – Cailleadh Isaak Babel , scríbhneoir (r.1894 )
1944 – Rugadh Mairéad Corrigan , gníomhaíoch Éireannach
1999 – Cailleadh Gonzalo Torrente Ballester , scríbhneoir (r.1910 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Eanáir an 28ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 337 lá fágtha sa bhliain nó 338 i mbliain bhisigh.
814 – Cailleadh Séarlas Mór , rí ar na Francaigh, Impire na Róimhe Naofa (r.~740idí)
1457 – Rugadh Anraí VII , rí Shasana (b.1509 )
1547 – Cailleadh Anraí VIII , rí Shasana (r.1491 )
1596 – Cailleadh Francis Drake , taiscéalaí Sasanach (r.~1540)
1932 – Thosaigh an tSín a ionradh ar an tSeapáin
1939 – Cailleadh William Butler Yeats , drámadóir agus file Éireannach (r.1865 )
1951 – Cailleadh C. G. E. Mannerheim , uachtarán na Fionlainne (r.1867 )
1955 – Rugadh Nicolas Sarkozy , uachtarán na Fraince
1956 – Rinne an amhránaí cáiliúil Elvis Presley a chéad thaispeántas ar an teilifís
1981 – Rugadh Elijah Wood , aisteoir Meiriceánach
1986 – Phléasc an t-árthach tointeála Challenger agus é ag éirí
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Eanáir an 29ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 336 lá fágtha sa bhliain nó 337 i mbliain bhisigh.
1737 – Rugadh Thomas Paine , scríbhneoir agus idéalaí (b.1809 )
1820 – Cailleadh Seoirse III , rí na Ríochta Aontaithe (r.1738 )
1843 – Rugadh William McKinley , 25ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1901 )
1860 – Rugadh Anton Chekhov , drámadóir (b.1904 )
1880 – Rugadh W.C. Fields , aisteoir (b.1946 )
1880 – Rugadh Germaine Greer , scoláire agus scríbhneoir
1954 – Rugadh Oprah Winfrey , craoltóir, léiritheoir, agus ceannródaí teilifíse
1963 – Cailleadh Robert Frost , file (b.1874 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Eanáir an 30ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 335 lá fágtha sa bhliain nó 336 i mbliain bhisigh.
1730 – Cailleadh Peadar II na Rúise , Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise (r.1715 )
1808 – Tosaíonn obair ar Nelson's Pillar i mBaile Átha Cliath
1882 – Rugadh Franklin D. Roosevelt , 32ú hUachtarán ar na Stáit Aontaithe (b.1945 )
1900 – Athaontaíodh Páirtí Parlaiminteach na hÉireann faoi cheannas Sheáin Mhic Réamoinn
1933 – Ainmníodh Adolf Hitler mar Sheansailéir na Gearmáine
1941 – Rugadh Dick Cheney , Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe
1947 – Cailleadh Séamas Ó Lorcáin , (Big Jim Larkin) ceardchumannaí (r.1874 )
1948 – Cailleadh Orville Wright ceannródaí eitlíochta (r.1871 )
1948 – Cailleadh Mahatma Gandhi , ceannaire Indiach (r.1869 )
1972 – Domhnach na Fola i nDoire, Tuaisceart na hÉireann
1981 – Rugadh Dimitar Berbatov , imreoir sacair
1981 – Rugadh Peter Crouch , imreoir sacair
1984 – Cailleadh Luke Kelly , ceoltóir The Dubliners (r.1940 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 31 Eanáir an 31ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 334 lá fágtha sa bhliain nó 335 i mbliain bhisigh.
1797 – Rugadh Franz Schubert , cumadóir ceoil (b.1828 )
1788 – Cailleadh Séarlas Éadbhard Stiúbhart , "Séarlas III" de réir na Seacaibíteach (r.1720 )
1910 – Rugadh Giorgio Perlasca , fear gnó ón Iodáil (b.1992 )
1913 – Bunaíodh an UVF
1915 – Rugadh Thomas Merton , manach agus scríbhneoir (b.1968 )
1933 – Cailleadh John Galsworthy , 65, úrscéalaí (r.1867 )
1956 – Rugadh Johnny Rotten , amhránaí agus ceoltóir Sasanach
1980 – Rugadh Gary Doherty , imreoir sacair
2006 – Cailleadh Ruairí Brugha , polaiteoir Éireannach (r.1917 )
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Satharn , 9 Márta 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach