The Flower of Scotland
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é The Flower of Scotland (Flùir na h-Alba as Gàidhlig) amhrán náisiúnta neamhoifigiúil na hAlban. Ba é Roy Williamson, as an ngrúpa cheol tíre úd The Corries, a scríobh é. Baintear úsáid neamhoifigiúil as Scotland The Brave mar an amhrán náisiúnta freisin.
Foirm cheoil | amhrán náisiúnta |
---|---|
Tonúlacht | mórghléas E-maol |
Cumadóir | Roy Williamson |
Liriceoir | Roy Williamson |
Le lucht leanúna na foirne rugbaí in Albain is mó a shamhlaítear The Flower of Scotland inniu. Ghlac siad leis mar amhrán catha an chéad uair sa bhliain 1974, nuair a bhí na Leoin (British and Irish Lions) ar turas san Afraic Theas. Is gnách fíochmhaireacht ar leith a chur sa dá líne dheireanacha i ngach ceathrú, go háirithe roimh chluichí in aghaidh Shasana. Ghlac Cumann Sacair na hAlban leis mar amhrán oifigiúil sa bhliain 1997, ag leanúint réamhshampla Aontas Rugbaí na hAlban.
Tagraíonn téacs an amhráin don bhua a rug na hAlbanaigh, a raibh Roibeard de Brús i gceannas orthu, ar na Sasanaigh, agus iad faoi chomandracht an Rí Éamann a Dó, i gCath Allt a' Bhonnaich sa bhliain 1314