Teilifíseán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Feadán ga-chatóideach ar leith a bhí i dteilifíseán sa 20ú haois. Sa chás seo tá dhá voltas shábhfhiaclacha, ceann amháin a athdhéanann a chlaonadh ag minicíocht 25 Hz is a shraonann an pointe breo go ceartingearach ó bharr go bun, agus an ceann eile a shraonann an pointe breo go cothrománach ó chlé go deas 625 uair le linn tréimhse amháin den sraonadh ceartingearach.
An sraonadh líne a thugtar ar an dara ceann seo, agus is é an sraonadh fráma an chéad cheann. Agus iad ag feidhmiú le chéile, is amhlaidh a shraonann siad an pointe breo i bhfiarláin chun fráma iomlán de 625 líne a ghrinniú 25 uair gach soicind.
Le linn grinneadh gach líne soláthraítear an comhartha físe do ghreille sa leictreonghunna, rud a mhodhnaíonn déine an léas leictreon, rud a mhodhnaíonn déine lonrach an tsolais a astaítear ag an bpointe breo ar an scáileán.
I bhfráma ar bith mar sin, is féidir patrún an lonraithe sa radharc a léiriú. Má bhíonn gluaiseacht sa radharc céanna, is féidir í a léiriú chomh maith de bhrí go n-athdhéantar an fráma 25 uair gach soicind.