Teicteonaic phlátaí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is teicteonaic phlátaí ann (ón Laidin Dhéanach: tectonicus, ón Ghréigis: τεκτονικός "a bhaineann le foirgneamh") ná an teoiric a, a saothraíodh go cinnte sna 1960idí, gurb é atá sa litisféar (an screamh agus an maintlín uachtarach) ná ollphíosaí móra, ar a dtugtar plátaí. Bogann na plátaí móra sin go mall i gcomhréir leis na cinn eile timpeall orthu. Tá an tsamhail tógtha ar teoiric na gluaiseachta ilchríochaí, coincheap a forbraíodh le linn na chéad cúpla scór bliain den 20ú haois. Ghlac an pobal geolaíoch leis an teoiric seo, i ndiaidh bailíochtaithe go raibh grinneall na farraige ag leathadh sna 1950í déanacha agus na 1960í luatha.
Míníonn sí síobghluaiseacht na n-ilchríoch, tógáil na sléibhte arda, cosúil leis na Himiléithe is na hAlpa, bolcánacht is dáileadh na bolcánachta ar Domhan, fás na ndromanna i láir na n-aigéan is na dtrinsí ar ghrinneall na n-aigéan. Is éard is an litisféar ann ná sceall an phláinéid is sia amach nó is forimeallaí (an screamh agus an maintlín uachtair), agus atá briste suas i bplátaí teicteonacha. Tá litisféar an Domhain comhdhéanta de seacht nó ocht plátaí móra (ag brath ar an gcaoi a bhfuil siad sainithe) agus go leor plátaí beaga. Sna háiteanna a bhuaileann na plátaí lena chéile, cinneann gluaisne choibhneasta na bplátaí an cineál teorainn: coinbhéirseach, dibhéirseach nó imchoiméadach. Tarlaíonn creathanna talún, ghníomhaíocht bholcánach, Sliabhsliabh-thógáil, agus foirmiú trinse aigéanach feadh na teorainneacha plátaí. Bíonn gluaiseacht choibhneasta na plátaí raonta de ghnáth ó náid go 100 mm in aghaidh na bliana.
Bíonn plátaí teicteonacha comhdhéanta de litisféar aigéanach agus litisféar ilchríochach níos tibhe, ar a bharr bíonn screamh ar leith ann. Feadh theorainneacha cóinbhéirseacha, iompraíonn fodhuchtú plátaí isteach sa mhaintlín. De ghnáth, cúitíonn an t-ábhar caillte agus foirmiú na screimhe aigéanaí nuaí, feadh teorainneacha dibheirseacha plátaí a chéile, tré ghrinneall na farraige a leathnú. Ar an mbealach seo, fanann dromchla iomlán an litisféir mar an gcéanna. Freisin, gairtear 'prionsabal an chreasa iompar' ar thuar na teicteonaice plátaí. Thig teoiricí níos luaithe le fios, cé go bhfuil siad bréagnaithe anois, mholadh go raibh laghdú (crapadh) de réir a chéile nó leathnú de réir a chéile ar fud na cruinne.
Bíonn plátaí teicteonacha in ann bogadh toisc go bhfuil níos mó nirt ag litisféar an Domhain ná san astanaisféar faoin a bhun. Tarlaíonn comhiompar, mar thoradh ar éagsúlachtaí i ndlús cliathánach an mhaintlín. Creidtear go dtiomáineann tosca éagsúla gluaiseacht plátaí, gluaisne ghrinneall na farraige ar shiúl ón droma i lár an aigéin atá ag leathadh (mar gheall ar éagsúlachtaí i dtopagrafaíocht agus dlús an screimhe, mar thoradh air difríochtaí i bhfórsaí imtharraingthe) agus sracadh, trí shúchán anuas, ag an chrios fodhuchtaithe. Tá míniú eile sna fórsaí éagsúla a ghineann fórsaí taoide na gréine agus na gealaí. Tá tábhacht choibhneasta gach ceann de na fachtóirí agus a gcaidreamh lena chéile doiléir, agus fós ina ábhar díospóireachta.
Faightear bolcáin is creathanna talún ag na teorainneacha imbhuailte idir na plátaí mar a bhfilltear na carraigeacha is a gcruthaítear sléibhte. Ag na teorainneacha seo fodhuchtaíonn pláta amháin faoin bpláta eile, agus éascann siad thar a chéile ó am go ham. Tarlaíonn bolcáin is creathanna talún maraon le himbhualadh na bplátaí, lúbadh suas na bplátaí is cruthú sléibhte. Cruthaítear ábhar nua plátaí an t-am ar fad freisin ag na dromanna i lár an Aigéin Atlantaigh is an Aigéin Chiúin trí phróiseas bolcánach mar a ngluaiseann na plátaí amach ó chéile. Is próiseas leanúnach athchruthaithe is athnuaite ar dhromchla an Domhain é.