Star Trek
saincheadúnas meáin / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is coincheap ficsin eolaíochta é Star Trek (baineann Gaeilgeoirí úsáid as an leagan An Réaltaistear fosta) agus é deartha ag Gene Roddenberry. Ar dtús, ní raibh ann ach sraithscéal i stíl an cheoldráma spáis, ach tharraing an chéad sraith an oiread sin airde i measc chairde an fhicsin eolaíochta is gur tháinig sraith bheoite, roinnt scannán agus sraithscéalta nua sna sála aici. Inniu, is cuid den phopchultúr idirnáisiúnta é an Réaltaistear, agus na daoine ag déanamh tagartha dó ar fud an domhain.
Fíricí Gasta Séanra, Cruthaitheoir ...
Séanra | ficsean eolaíochta |
---|---|
Cruthaitheoir | Gene Roddenberry |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
An chéad eipeasóid | 8 Meán Fómhair 1966 |
Líon eipeasóidí | 733 |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | intl.startrek.com |
| |
Dún