Sos míostraithe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an sos míostraithe sainmhínithe go beacht [1]mar stopadh an mhíostraithe, ach is coitianta an téarma a úsáid don tréimhse ama (suas le 8 mbliain roimh stopadh an mhíostraithe) ina dtarlaíonn neamhrialtacht sa timthriall míosta de bharr imeacht mhothálacht na n-ubhagán do na gónadatróifíní. Tugtar an ceanntráth air freisin. Sa tréimhse fhada seo, fiú má bhíonn an timthriall neamhrialta, ní chailltear an cumas atáirgthe.
Fíricí Gasta Cineál, Speisialtacht leighis ...
Cineál | menstrual cycle phase (en) , climacteric (en) agus reproductive senescence (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | gínéiceolaíocht |
Aicmiú | |
ICD-10 | N95 |
ICD-9 | 627 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0091164 |
DiseasesDB | 8034 |
MedlinePlus | 000894 |
eMedicine | 264088 |
MeSH | D008593 |
UMLS CUI | C0025320 |
Dún
Tarlaíonn an stopadh iomlán timpeall 45-50 bliain d'aois, agus tarlaíonn suaitheadh fisiciúil (cur allais, deargadh te, faighiníteas) is sícígéineach (dúlagar, easuan, tuirse), a fhreagraíonn do theiripe éastraigine go hiondúil.
Sainiúil don bhaineannach daonna, agus ní léir a shuntas.[2]