Slat óir
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is planda ilbhliantúil a bhláthaíonn déanach sa bhliain agus a fhástar i ngairdíní í an tslat óir (géineas Solidago). Tá idir 100 agus 120 speiceas sa ghéineas, an tslat óir Cheanadach (Solidago canadensis) atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh san áireamh. Fásann sí 1.5 m ar airde. Na duilleoga lansa-chruthach fada biorach; an-chuid bláthcheann atá bídeach órga/buí, eagraithe ar ghéaga leathnaithe cothrománacha i bpanacail dhlútha phirimidiúla. Is planda ilbhliantúil níos lú í an tslat óir Eorpach (Solidago virgaurea) a fhásann 1 m ar airde, le bláthchinn níos mó, suas le 1 cm ar leithead, iompartha i gcrobhaingí duilleacha.[1]
Fíricí Gasta Solidago, Tacsanomaíocht ...
Solidago | |
---|---|
Solidago virgaurea | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Géineas | Solidago L., 1753 |
Dún