Sléacht Mhuileann Ching (1976)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla Sléacht Kingsmill nó Sléacht Mhuileann Ching ar 5 Eanáir 1976 nuair a dúnmharaíodh deichniúr oibrí Protastúnacha .ag Muileann Ching,[1] in aice le Corr Leacht agus Loch Goilí i gContae Ard Mhacha.[2][3] Bhí an sléacht ar cheann de na heachtraí uafáis is mó cáil 'sna Trioblóidí.[4] Imríodh díoltas ar oibrithe Protastúnacha as gníomhartha nach raibh baint ná páirt acu leo.[5]
| ||||
Cineál | eirleach oll-lámhach foréigean seicteach | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 5 Eanáir 1976 | |||
Suíomh | Contae Ard Mhacha, Northern Ireland | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Rannpháirtí | ||||
Líon básanna | 10 | |||
Líon gortaithe | 1 | |||
Tharla an marú seo díreach ceithre huaire is fiche i ndiaidh gunnadóirí dílseacha seisear Caitliceach a mharú sa cheantar céanna i ndeisceart Ard Mhacha.
Mhaigh an "South Armagh Republican Action Force" go raibh baill an Fhórsa freagracht as, ag rá go raibh sé mar dhíoltas as sraith ionsaithe ar shibhialtaigh Chaitliceacha ag dílseoirí. Creidtear go ndearna baill den IRA Sealadach an t-ionsaí, d'ainneoin an eagraíocht a bheith ar sos cogaidh ag an am. Níor ciontaíodh aon duine ariamh as an ionsaí.