Seán Mistéal
polaiteoir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Seán Mistéal (Béarla: John Mitchel); 3 Samhain, 1815 - 20 Márta, 1875) ina náisiúnaí gníomhaíoch Éireannach, aturnae, agus iriseoir polaitiúla. Rugadh i gCamnish, in aice le Dún Geimhin, Contae Dhoire é. Bhí sé ina chomhalta tosaigh sna heagraíochtaí Éire Óg (Young Ireland i mBéarla) agus an Chónaidhm Éireannach (Béarla: The Irish Confederation). Bhí sé le bheith ina ghuth poiblí do dhearcadh Thaobh na Cónaidhme, sna 1850í agus 1860í.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Samhain 1815 Contae Dhoire, Northern Ireland |
Bás | 20 Márta 1875 59 bliana d'aois Iúr Cinn Trá, Northern Ireland |
Ball den 21ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
11 Márta 1875 – 20 Márta 1875 (bás in oifig) Téarma parlaiminte: 21ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Tiobraid Árann Toghadh i: March 1875 Tipperary by-election (en) | |
Ball den 21ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
16 Feabhra 1875 – 18 Feabhra 1875 (dícháiliú) Téarma parlaiminte: 21ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Tiobraid Árann | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Preispitéireachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Ollscoil Ghlaschú |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | polaiteoir, iriseoir, saighdiúir |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Jane Mitchel |
Chreid sé gur rud riachtanach í sclábhaíocht agus chosain sé cearta na stát sclábhaíocht a roghnú nó a mhalairt.
Toghadh mar fheisire é do Theach na gComóntach, Westminster, Sasana; ach é a bheith dícháilithe de bharr gur ciontaíodh mar fheileon é. Tá a dhialann, an 'Jail Journal', ar cheann de na téacsanna is cáiliúla don phobal náisiúnach.