Seán Ó Seachnasaigh
polaiteoir Astrálach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir treallúsach Gael-Astrálach in Victoria na hAstráile sa 19ú haois ba ea an Ridire Seán Ó Seachnasaigh (1818-1883) (Béarla: John O'Shanassy). Mac le Seán Ó Seachnasaigh, suirbhéir, agus le Máiréad (née Dwyer) ba ea é, agus rugadh é i mBaile na hAbha in aice le Dúrlas Éile, Contae Thiobraid Árann. Cailleadh a athair sa bhliain 1831, rud a chuir deireadh lena chuid oideachais, agus cuireadh é ina phrintíseach le fear a bhí ina éadaitheoir agus ina cheannaí biotáille. Tháinig rath air san Astráil agus é faoi anáil Dhónail Uí Chonaill i gcúrsaí polaitíochta. Ar nós an Chonallaigh, bhí rún aige leasú srianta a chur i bhfeidhm agus an radachas a sheachaint. D’fhág sé a rian go soiléir ar shaol a linne, agus tá fianaise ann go raibh suim aige sa Ghaeilge.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1818 Tiobraid Árann |
Bás | 5 Bealtaine 1883 64/65 bliana d'aois Cathair Boroondara, Victoria |
Áit adhlactha | Melbourne General Cemetery (en) |
Príomh-aire Victoria | |
14 Samhain 1861 – 27 Meitheamh 1863 ← Richard Heales (en) – James McCulloch (en) → | |
Príomh-aire Victoria | |
10 Márta 1858 – 27 Deireadh Fómhair 1859 ← William Haines (en) – William Nicholson (en) → | |
2 Príomh-aire Victoria | |
11 Márta 1857 – 29 Aibreán 1857 ← William Haines (en) – William Haines (en) → | |
Member of the Victorian Legislative Council (en) | |
Ball de Thionól Reachtach Victoria | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Teaghlach | |
Céile | Margaret O'Shanassy (en) |
Páiste | Marianne O'Shanassy (en) |
Gradam a fuarthas | |