Séamas III, Rí na nAlbanach
Rí na nAlbanach (1451-1488) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é Séamas III (10 Iúil 1451 - 11 Bealtaine 1488) Rí na nAlbanach idir na blianta 1460 agus 1488. Ní raibh gnaoi na ndaoine air ná mórán éifeachta leis toisc drogall a bheith air an dlí a chur i bhfeidhm go cothrom, é a bheith ag iarraidh dul i bpáirt le Sasana agus é féin agus beagnach gach duine dá mhuintir a bheith in árach a chéile.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Ainm sa teanga dhúchais | (en) James III |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 10 Iúil 1451 Caisteal Shruighlea, Scotland |
Bás | 11 Meitheamh 1488 36 bliana d'aois Sruighle, Scotland |
Siocair bháis | Maraíodh i gcomhrac |
Monarc na hAlban | |
3 Lúnasa 1460 – 11 Meitheamh 1488 ← Séamas II, Rí na nAlbanach – Séamas IV, Rí na nAlbanach → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas agus Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Eile | |
Teideal uasal | Diúc |
Teaghlach | Teaghlach na Stíobhartach |
Céile | Margaret na Danmhairge, Banríon na hAlban (1469, 1469 (Féilire Ghréagóra)–1486) |
Páiste | Séamas IV, Rí na nAlbanach, James Stewart, Diúc Ross, John Stewart, Iarla Mar |
Athair | Séamas II, Rí na nAlbanach agus Mary Guelders |
Siblín | Alexander Stewart, John Stewart, Iarla Mar, David Stewart, Iarla Mhoireibh, Mary Stewart agus Margaret Stewart |
Gradam a fuarthas
| |
Dún
Mhaslaigh roinnt croinicithe déanacha é agus tuairim acu gur mhó an dúil a bhí aige i gceol agus a leithéid ná i gcúrsaí sealgaireachta agus cogaidh. Dá bhrí sin tháinig de chlú air gurbh eisean céad Rí Albanach na hAthbheochana Léinn, cé nár mhór an pátrún ealaíne é le hais Shéamas IV agus Shéamas V.