Bhí Robert Anson Heinlein, nó Robert A. Heinlein mar is fearr atá aithne ag an saol mór air, ar dhuine de chlasaicigh an fhicsin eolaíochta ó lár na fichiú haoise ar aghaidh. Chuir sé béim ar leith ar an innealtóireacht agus ar an teicneolaíocht mar chuid den scéalaíocht, ach san am céanna, rinne sé iarrachtaí dúthrachtacha le cur le feabhas an chineál seo scríbhneoireachta mar litríocht.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Robert Anson Heinlein |
|
Breith | 7 Iúil 1907 Butler, Missouri |
---|
Bás | 8 Bealtaine 1988 80 bliana d'aois Carmel-by-the-Sea, California |
---|
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Cliseadh croí) |
---|
|
|
|
|
|
Reiligiún | An tAindiachas |
---|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh Cabhlaigh na Stát Aontaithe - innealtóireacht (1925–1929) |
---|
Áit chónaithe | Colorado Springs Santa Cruz |
---|
Teanga dhúchais | Béarla |
---|
|
Réimse oibre | Litríocht |
---|
Gairm | scríbhneoir, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir scripte, oifigeach cabhlaigh |
---|
Tréimhse oibre | 1939 – 8 Bealtaine 1988 |
---|
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
---|
Seánra | Ficsean eolaíochta, fantaisíocht, ficsean eolaíochta míleata agus ficsean óg |
---|
Ainm cleite | Anson MacDonald Caleb Saunders John Riverside Lyle Monroe Simon York |
---|
Teangacha | Béarla |
---|
|
Saothar suntasach |
|
Céile | Virginia Heinlein (1948–1988) |
---|
Gradam a fuarthas - (2018) Retro Hugo Award (en) , as a saothar Beyond This Horizon
- (2017) Prometheus Award - Hall of Fame (en) , as a saothar Coventry
- (2016) Retro Hugo Award (en) , as a saothar "If This Goes On—"
- (2016) Retro Hugo Award (en) , as a saothar The Roads Must Roll
- (2016) Retro Hugo Award for Best Novelette (en) , as a saothar The Roads Must Roll
- (2003) Prometheus Award - Hall of Fame (en) , as a saothar Requiem
- (2001) Retro Hugo Award (en) , as a saothar Farmer in the Sky
- (2001, 2018) Retro Hugo Award for Best Novel (en) , as a saothar Farmer in the Sky, Beyond This Horizon
- (2001, 2016, 2018) Retro Hugo Award for Best Novella (en) , as a saothar The Man Who Sold the Moon, "If This Goes On—", Waldo
- (2001) Retro Hugo Award (en) , as a saothar The Man Who Sold the Moon
- (1998) Science Fiction and Fantasy Hall of Fame (en)
- (1998) Prometheus Award - Hall of Fame (en) , as a saothar Time Enough for Love
- (1996) Prometheus Award - Hall of Fame (en) , as a saothar Red Planet (en)
- (1987) Prometheus Award - Hall of Fame (en) , as a saothar Stranger in a Strange Land
- (1983) Prometheus Award - Hall of Fame (en) , as a saothar The Moon Is a Harsh Mistress
- (1977, 1977) Gradam Inkpot
- (1975) Damon Knight Memorial Grand Master Award (en)
- (1967) Hugo Award for Best Novel (en) , as a saothar The Moon Is a Harsh Mistress
- (1962) Hugo Award for Best Novel (en) , as a saothar Stranger in a Strange Land
- (1960) Hugo Award for Best Novel (en) , as a saothar Starship Troopers
- (1956) Hugo Award for Best Novel (en) , as a saothar Double Star
|
|
|
|
Dún
Nuair a bhí sé óg, thacaigh sé le Nua-Bheartas Franklin Delano Roosevelt, ach faoi thionchar na heagla a chuir an tAontas Sóivéadach ar mhuintir na Stát Aontaithe i rith na gcaogaidí, chuaigh sé i bhfad ar deis agus chun míleatachais ina chuid tuairimí. Ina lán leabhar dár scríobh sé, thug sé le tuiscint nach raibh meas an mhadra aige ar aon fhear a dhiúltódh do ghunna a láimhseáil. Mar sin, bhí sé ina ábhar mór conspóide ag an nglúin de scríbhneoirí ficsin eolaíochta a tháinig ar an bhfód i ndiaidh na seascaidí.