Ríthe na gConnacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhíodh Ríthe na gConnacht i gceannas i gCúige (cóiced) Chonnacht, taobh thiar den tSionainn. I dtosach, Cóiced Ol nEchmacht ba ea ainm an chúige, ainmnithe as Fir Ol nEchmacht. Tugadh a ainm nua don chúige sa luath-mheánaois, ainmnithe as na Connachta.
Feictear ar léarscáil Tolamaes c. AD 150, dream darb ainm Nagnatae ina chónaí in iarthar na hÉireann. Molann roinnt scoláirí go bhfuil an léarsáil úd bunaithe ar chartagrafaíocht a rinneadh b'fhéidir cúig chéad bliain roimhe sin.
Mhaígh na Connachta mar sinsir triúr mac níos sine Echach Mugmedóin: Brian (Brión), Ailill agus Fiachra. Tá an teaghlach ainmnithe as a sinsear, mar a maíodh, Conn Céadchathach. Sinsear Uí Néill ba ea a leasdeartháir níos óige, Niall Naoighiallach.
Seo liosta ríthe Connacht ón cúigiú go dtí an cúigiú haois déag.