Plá niúmóineach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhuail eipidéim den phlá bhaictéarach seo cathair Surat na hIndia i 1994. B'uafásach an t-anbhá sa chathair is ar fud na hIndia gur cloíodh í tar éis do na céadta bás a fháil in imeacht míosa nó mar sin. An-tógálach, gaolmhar leis an bplá bhúbónach, an Bás Dubh a scrios an Eoraip sa 15ú céad. Galair creimirí den chuid is mó iad seo. Scaipeann an phlá bhúbónach chuig daoine trí bhíthin greamanna dreancaidí galraithe, ach is tríd an aer a scaipeann na baictéir i gcás na plá niúmóiní. Ábhar iontais ab ea an phlá seo do lucht míochaine is rialtais ar fud an Domhain. Bhí an bharúil ann leis na cianta go raibh an tseanphlá seo cloíte le fada ag uisce reatha, córais séarachais is frithbheathaigh. Ceapadh go forleathan go raibh deireadh le galair thógálacha mar fhadhb mhór sláinte poiblí, beagnach, ach ba chruthúnas eile an eipidéim seo, agus eipidéimí SEIF, fiabhras Lassa is eitinne a tharla le blianta anuas, nach fíor sin.[1]
Cineál | plá, galar scamhóige agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cliniciúil | |
Comharthaí | crithfhuacht |
Pataigineas | |
Suíomh | human lung (en) |
Aicmiú | |
ICD-10 | A20.2 |
ICD-9 | 020.4, 020.3 agus 020.5 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 14226 |
UMLS CUI | C0152937, C0152938, C0524688, C0152937, C0152938 agus C0524688 |
DOID | DOID:10398 |