Nideog éiceolaíoch
From Wikipedia, the free encyclopedia
San éiceolaíocht, is éard is nideog éiceolaíoch ann, ná téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar mhodh maireachtála speicis.[1]
Meastar go mbíonn nideog uathúil, ar leithligh, ag gach aon speiceas. Déantar cur síos sa nideoig éiceolaíoch ar
- conas a ngéilleann orgánach nó líon na n-ainmhithe do dháileadh na n-acmhainní agus iomaitheoirí (m.sh., fásann siad nuair a bhíonn acmhainní flúirseach, agus nuair a bhíonn na creachadóirí, seadáin agus pataiginí gann) agus
- conas a athraíonn an t-orgánach na fachtóirí céanna (m.sh., rochtain ar acmhainní ag orgánaigh eile a laghdú, ag gníomhú mar fhoinse bia do chreachadóirí agus thomhaltóir chreiche).