Mo Ghrá-sa ⟮idir Lúibíní⟯
dán le Nuala Ní Dhomhnaill / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is dán Gaeilge é Mo Ghrá-sa (idir lúibíní) le Nuala Ní Dhomhnaill.[1] Tá sé ar an ardteistiméireacht le haghaidh Gaeilge ardleibhéil agus Gaeilge gnáthleibhéil.
Mo Grá-sa (idir lúibíní)
Níl mo ghrá-sa
Mar bhláth na n-airní
A bhíonn i ngairdín
(nó ar chrann ar bith)
is má tá aon gaol aige le nóiníní
is as chluasa a fhásfaidh siad
(nuair a bheidh sé ocht dtroigh síos).
Ní haon ghlaise cheolmhar
Iad a shúile
(táid róchóngarach dá chéile
Ar an gcéad dul síos).
Is más slim é síoda
Tá ribí a ghruaige
(mar bhean dhubh Shakespeare)
In wire deilgní
Ach is cuma sin
Tugann sé dom
Úlla
(is nuair a bhíonn sé i ndea-ghiúmar
Caora fíniúna)