aisteoir Sasanach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Rugadh an t-aisteoir Michael Caine (Maurice Joeseph Micklewhite) i Londain in 1933. Is aisteoir mór le rá é Caine a bhfuil blás ‘Cockney’ ar leith ar a chuid cainte. Tá níos mó ná 160 scannán déanta aige le linn a ghairm fhada agus áirítear é mar réalta de chuid an chultúir Shasanaigh.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Michael Caine
Beathaisnéis
Breith
(en) Maurice Joseph Micklewhite 14 Márta 1933 91bliana d'aois Rotherhithe, England
Bronnadh roinnt mhaith gradam air, dhá ghradam Oscar san áireamh. Bhain sé clú agus cáil amach agus é ag glacadh príomhpháirteanna i scannáin éagsúla, leithéidí Zulu, The Ipcress File, The Italian Job agus Battle of Britain. Fuair sé dhá ainmniúchán mar ‘an tAisteoir Tacaíochta Is Fearr’ le haghaidh na scannán Hannah and Her Sisters agus The Cidar House Rules. Ghlac sé ról i scannáin eile a ainmníodh do ghradam Oscar: Alfie, Sleuth, Educating Rita agus The Quiet American. Tá clú air as a chuid léiriúchán i scannáin Christopher Nolan chomh maith. Bhí sé páirteach ina chuid scannán The Batman Triolgy, Inceptation agus Dunkirk.
I mí Dheireadh Fómhair 2023, fógraíodh go mbeadh Caine ag dul ar scor agus é 90 bliain d’aois.