Meitreo Pháras
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is mearchóras iarnród cathrach é Meitreo Pháras (Fraincis: Métro de Paris) atá suite i bPáras na Fraince. Is siombail den chathair é agus tá clú aige mar gheall ar ailtireacht na stáisiún agus a dtionchar Art Nouveau. Tá 16 líne sa chóras (tá an córas RER níos mó fós) agus tá an chuid is mó de na stáisiúin faoin talamh. Tá fad iomlán de 214 km (133 mi) ag an gcóras agus tá 302 stáisiún aige. Toisc go bhfreastalaíonn roinnt líne ar chuid de na stáisiúin, áfach, tá 384 stad san iomlán.[1]
Meitreo Pháras | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Meariompar | |||
Cuid de | Île-de-France mobilités | |||
Foirgníocht | 19 Iúil 1900 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 19 Iúil 1900 | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | in úsáid | |||
Tomhas | 219.9 () km | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Páras, An Fhrainc | |||
| ||||
Le cuid | 27 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Am oibriúcháin | 1900 – | |||
Úinéir | RATP agus Île-de-France mobilités | |||
Oibreoir | RATP | |||
Cuairteoirí | 1,559,500,000 (2018) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | ratp.info | |||
Is iad na stáisiúin sa chóras na stáisiúin leis na heatraimh is dlúithe ar domhain—tá 245 stáisiún laistigh de theoireannacha chathair Pháras. Tá uimhir uathúil ag baint le gach aon líne sa chóras (1 go 14) ach tá dhá mhionlíne ann (3bis agus 7bis). Ar dtús bhí na mionlínte mar chuid de líne 3 agus de líne 7 ach ansin d’fhorbair siad go neamhspleách.
Aithnítear na línte ar léarscáileanna mar gheall ar a ndath agus a n-uimhir. Taispeántar treo an taistil le hainm an stáisiúin ceann aistir.
Is é an córas meitreo i bPáras an dara córas meitreo is gnóthaí ar domhain (tá Meitreo Mhoscó sa chéad áit).[2] Taistealaíonn 5,23 milliún paisinéir ar an meitreo gach lá (2012) agus breis is 1,388 billiún paisinéir san iomlán gach bliain. Is é Châtelet-Les-Halles an stáisiún faoi thalamh is mó ar domhan (freastalaíonn sé ar 5 líne meitreo agus 3 líne RER).[3]