Medellín
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Medellín (Spáinnis: IPA:[með̞eˈʝin] nó [með̞eˈʎin], go hoifigiúil Municipio de Medellín) an dara baile is mó sa Cholóim. Tá sé suite i nGleann Aburrá, ceann de na gleannta is faide ó thuaidh sa Cordillera Central (sliabhraon de chuid na nAindéas) agus tá sé déroinnte ag an abhainn an Rio Medellín, a shreabhann tríd. De réir dhaonáireamh na bliana 2005, bhí 2,223,078 duine ina gcónaí ann. Is é Mórcheantar Uirbeach Mhedellín an 91ú achar cathrach is mó ar domhan.
Medellín | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Cholóim | ||||
Department of Colombia (en) | Antioquia | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,529,403 (2018) | ||||
• Dlús | 6,643.39 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 380.74 km² | ||||
Airde | 1,495 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 22 Samhain 1675 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the mayor of Medellín (en) | ||||
Comhlacht reachtach | city council of Medellín (en) | ||||
• Méara Medellín | Federico Gutiérrez (2016–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 050001 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | medellin.gov.co |
Mar phríomhchathair na Roinne, tá ceanncheathrú Rialtas Antioquia lonnaithe ann, ina measc tá Tionól na Roinne (La Asamblea Departamental ), Cúirt na Roinne (La Tribunal Departamental), an Limistéar Cathrach, Oifig an Ard-Aighne (La Fiscalía General), agus Institiúidí agus Gníomhaireachtaí an Stáit.
Chomh maith leis sin, tá an chathair ina ceanncheathrú oifigiúil de chuid na gcuideachtaí cosúil le EDATEL, Teleantioquia; agus roinnt comhlachtaí bardasacha, mar shampla, Empresas Públicas de Medellín (EPM) agus Telemedellín. I dtéarmaí eacnamaíochta, aithnítear an áit mar ionaid mór airgeadais agus mar lár-limistéar mór tionsclaíoch sa Cholóim, baile ina bhfuil go leor chomhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta .
Ina theannta sin, seasann an chathair amach mar cheann de na mór-ionaid chultúrtha sa Cholóim. Tá taithí leathan agus aitheantas go háitiúil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta bainte amach aige, mar óstach d'féilte móra.
Bíonn béim chomh maith ar ngníomhaíocht acadúil agus eolaíocha ann, agus tá ceanncheathrú sa chathair ag roinnt de na hollscoileanna is tábhachtaí sa Cholóim.