Mór-rón
fofhine mamach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Mamach mara is ea an Mór-rón a dtugtar an rón le cluasa nó an rón mór air freisin. Cosúil leis an bhfíor-rón, ach cluasa beaga seachtracha air. Ar an talamh, iompaíonn sé a lapaí fada cúil chun tosaigh faoin gcolainn agus gluaiseann go tapa le barr na colainne ardaithe ón talamh. Snámhann sé leis na géaga tosaigh den chuid is mó. Caitheann sé i bhfad níos mó ama ar talamh ná an fíor-rón. Cuid acu, na róin fhionnaitheacha le fochóta tiubh fionnaidh, déantar seilg orthu ar bhonn trádálach.[1]