Mícheál Seosamh Ó Rathaille
poblachtach Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Náisiúnaí Éireannach a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ab ea Mícheál Seosamh Ó Rathaille (22 Aibreán, 1875 - 29 Aibreán, 1916) nó The O'Rahilly ("Ó Rathaille"), mar a thugtaí air go minic.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Aibreán 1875 Béal Átha Longfoirt |
Bás | 29 Aibreán 1916 41 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Siocair bháis | Bás i gcath (Maraíodh i gcomhrac) |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Choill Chluana Gabhann An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Richard Rahilly (en) |
Siblín | Anno Ó Rathaille agus Nell Humphreys |
Fuair sé bás i bpáirc an áir in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Bhí sé ina Phoblachtach díograiseach, agus é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge.
Bhí sé measartha saibhir, nó nuair a bhí an tÉirí Amach thart, bhí sé le léamh ar an Irish Times go raibh ioncam tráthrialta £900 i ndiaidh na bliana aige, agus é ag caitheamh cuid mhaith de ag tabhairt tacaíochta do chúis na Náisiúnaithe.
Níos tábhachtaí fós, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann. Le cabhair Erskine Childers agus na Gearmáine, d'eagraigh sé an chéad lastas arm leis na hÓglaigh a armáil. Raidhfilí Mauser a bhí ann, agus iad le teacht i dtír i mBinn Éadair.