Mícheál Ó Coileáin
réabhlóidí Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba cheannaire míleata agus polaiteoir Éireannach é Mícheál Seán Ó Coileáin nó Michael Collins (16 Deireadh Fómhair 1890 – 22 Lúnasa 1922) a rugadh i gContae Chorcaí.[1][2] Bhí sé beartach i gCogadh na Saoirse, agus bhí sé ina bhall den toscaireacht Éireannach a shínigh an Conradh Angla-Éireannach i 1921. Ba theachtaí iad ó rialtas sealadach na Chéad Dála.
De dheasca an chonartha seo a chuaigh an chríochdheighilt ar Éirinn, agus í i bhfeidhm sa lá atá inniu ann. Níor thug de Valera aitheantas don Chonradh, ach chuaigh sé i gceannas ar na fórsaí frith-Chonartha. Mar sin a cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha. Bhí an Coileánach chun tosaigh ar na fórsaí a bhí ag cur in aghaidh de Valera sa chogadh seo.
Bhí gean ag Gaeil ar an gCoileánach, agus é ina laoch mór acu chomh cróga is chomh beartach a bhí sé, ach mar sin féin, fuair sé bás ó lámh Éireannaigh i mBéal na Blá in iarthar Chorcaí.