Máire I Shasana
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Máire I (18 Feabhra 1516 – 17 Mí na Samhna 1558), ar a dtugtar freisin Máire Thúdarach, ina banríon ar Shasana agus ar Éirinn ó 19 Iúil 1553 go dtí lá a báis. Ba í an ceathrú monarc Túdarach agus tá cáil ar na hiarrachtaí a rinne sí chun a Caitliceachas Rómhánach a athbhunú i Sasana. Bhí sé mar thoradh ar na polasaithe seo gur cuireadh beagnach trí chéad Protastúnach chun báis le linn a réimis, agus tugadh an leasainm 'Máire Fhuilteach' uirthi de bharr an tslada seo.
Ba í Máire an t-aon pháiste amháin ag Anraí VIII agus a chéad bhean chéile, Caitríona Aragón, a mhair ina duine fásta. Chuaigh a leathdheartháir níos óige, Éadbhard VI, i gcomharbacht ar a n-athair sa bhliain 1547 nuair a bhí sé naoi mbliana d'aois. Nuair a bualadh Éadbhard ag tinneas básmhar sa bhliain 1553, rinne sé iarracht Máire a thógáil amach as an líne chomharbais toisc gur cheap sé, agus an ceart aige, go gcuirfeadh sí atheagruithe an Phrotastúnachais a tharla agus é féin i réim droim ar ais. Tar éis a bháis, d'fhógair mórpholaiteoirí an ama sin an Bhantiarna Jane Grey mar bhanríon. Go gearr ina dhiaidh sin, bhailigh Máire fórsa in Anglia Thoir chun Jane a dhíbirt, agus baineadh an ceann den chailín bocht sin ar deireadh thiar. Ba í Máire an chéad bhanríon i réim ar Shasana, seachas Jane agus an Banimpire Matilda, a bhfuil easaontas ar bhailíocht a réimeanna féin. Phós Máire Pilib II na Spáinne sa bhliain 1554, gur rinneadh Céile an Rí ar Habsburg na Spáinne di ar a theacht i gcoróin sa bhliain 1556.
Aistríodh Sasana ina thír Phrotastúnach arís nuair a tháinig leath-dheirfiúr Mháire, Eilís I, i gcomharbacht uirthi.
Fuair Máire bás ar an 17ú Samhain 1558 tar éis bréagthoircheas ón mbliain roimhe sin. Ceaptar gurbh fhéidir go raibh cisteanna ubhagáin nó ailse broinne uirthi[1].