Liopleurodon
géineas reiptílí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Géineas díofa de reiptílí mara móra, feoiliteacha a bhaineann leis na Thalassophonea, clád de phléiseasáir gearrmhuineálacha is ea Liopleurodon Bhí cónaí ar an Liopleurodon ón gCéim Chalaitheach san Mheán-Iúrasach go dtí an gCéim Chimiritseach san Tréimhse Iúrasach-Déanach (c. 166 go 155 milliún bliain ó shin). Sa tréimhse Méan go Déanach Iúrasach, b' é rinnchreachadóir na bhfarraigí a chlúdaigh an Eoraip. Meastar gur fhás an speiceas is mó, L. ferox, suas le 6.6 méadar ar fhad bunaithe ar an mblaosc is mó atá ar eolas. D'íosfadh sé éisc agus reiptílí mara eile. Faightear a gcuid iontaisí san Eoraip.
Sonraí | |
---|---|
Fad | 6 m |
Mais | 1.7 t |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Plesiosauria |
Fine | Pliosauridae |
Géineas | Liopleurodon Sauvage, 1873 |
Méid | |
Tagann an t-ainm "Liopleurodon" (a chiallaíonn "fiacail réidhthaobhacha ") ó na focail Shean-Ghréigise: λειος leios ," réidh "; πλευρά pleurá," taobh "nó" easna "; agus ὀδόν odṓn, "fiacail".