Leabhar Gabhála na hÉireann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cnuasach dánta agus scéalta próis é Leabhar Gabhála na hÉireann (Meán-Ghaeilge Lebor Gabála Érenn) a mhaíonn gur stair na hÉireann agus na nGael é, ó chruthú an domhain go dtí an mheánaois. Caomhnaítear roinnt leaganacha, an ceann is luaite tiomsaithe ag scriobhneoir anaithnid san 11ú haois, le scéalta ársa an béaloidis.
Folio 53 ón Leabhair Laighneach. Caomhnaítear Lebor Gabála Érenn in dhá lámhscríbhinn déag meánaoiseach ar a laghad. Príomhfhoinse is ea an Leabhar Laighneach. Íomhá: Baile Átha Cliath, CnT, MS 1339 (olim MS H 2.18) | |
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | An Mheán-Ghaeilge |
Meascán de stair, miotaseolaíocht, finscéal, béaloideas agus staireagrafaíocht Chríostaí atá i gceist. Glactar leis gur cumadh an saothar mar aithris ar chuntas an Bhíobla ar bhunús chlann Iosrael.
Insíonn an Leabhar Gabhála gur lonnaigh (nó 'ghabh') sé dhream ceann ar cheann in Éirinn: muintir Ceasrach, muintir Pharthaláin, Neimhidh, na Fir Bholg, na Tuatha Dé Danann, agus an Chlann Mhíle. Díothaíodh an chéad cheithre dhream, nó b'éigean dóibh Éire a thréigeadh. Seasann an chúigiú dream do (dhea)dhéithe págánach na hÉireann,[1] agus an séú dream dosna Gaeil féin. Tá dream eile ann sna scéalta, na Fomhóraigh, a sheasann ar an taobh dorcha den fhórsa.
Meastar inniu gur miotas nach mór é an Leabhar Gabhála .[2] Is amhlaidh go bhfuil sé bunaithe ar bhréagstair Chríostaí den mheánaois,[2][3] ach faightear ann chomh maith roinnt de mhiotaseolaíocht réamhChríostaí na nGael.[3] Creideann scoláirí go raibh sé mar chuspóir ag na scríbhneoirí ná stair eipice na hÉireann a chumadh arbh fhéidir a chur ar chomhchaighdeán le staraithe na nIosraelíteach nó na Rómhánach, agus a thug miotas págánach le chéile le cruinneshamhail Chríostaí na staire.[4][5] Creidtear, mar shampla, go bhfuil sé ghabháil ann chun bheith mar an gcéanna le "Sex Aetates Mundi".[6] Maítear go bhfuil an Leabhar Gabhála "an-údarásach ... scríofa chun an bhearna idir an chruinneshamhail Chríostaí agus réamhstair na hÉireann a dhruidim".[7]