Lúthchleasaíocht ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1904 — maratón
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cuireadh maratón na bhfear ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1904 in St. Louis, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar siúl ar 30 Lúnasa na bliana sin, ar chúrsa 40km ar fad.[1]
Cineál | comórtas Oilimpeach |
---|---|
Cuid de | lúthchleasaíocht ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1904 |
Tréimhse | 30 Lúnasa 1904 - |
Dáta na bliana | 1904 |
Suíomh | St. Louis, Missouri |
Líon na rannpháirtithe | 32 |
Rannpháirtí | |
Spórt | lúthchleasaíocht |
Buaiteoir | |
Eagraíodh an rás le linn an chuid is teo den lá, ar bhóithre tuaithe deannachúla, gan mórán uisce ar fáil do na hiomaitheoirí. Cé gur ghlac 32 lúthchleasaí ó chúig náisiún páirt san iomaíocht, níor éirigh ach le 14 acu an rás a chríochnú.[2] Bhí an rás an-aisteach ar fad mar gheall ar dhrocheagrú agus easpa cúraim ó na réiteoirí.[3] Tréaslaíodh le Fred Lorz mar bhuaiteoir an rása i dtús báire, ach dícháilíodh níos déanaí é toisc go bhfuair sé síob i ngluaisteán le linn an rása. Bhí an buaiteoir féin, Thomas Hicks, i mbéal báis agus bhí siabhrán air ag deireadh an rása, mar thoradh ar an manglam branda, uibheacha amha, agus stricnín a thug a thraenálaithe dó. Rinne Andarín Carvajal, an fear a chríochnaigh sa gceathrú háit, néal codlata le linn an rása tar éis dó úlla lofa a ithe.
Ba é seo an tríú huair a cuireadh an maratón ar siúl sna Cluichí Oilimpeacha; tá an maratón ar cheann de 12 comórtas lúthchleasaíochta a reáchtáladh ag gach Cluiche Oilimpeach Samhraidh. Ba é Arthur L. Newton as na Stáit Aontaithe an t-aon reathaí a ghlac páirt sa maratón i 1900 freisin. I measc na reathaithe suntasacha Meiriceánacha eile, bhí trí bhuaiteoir Mharatón Bhostúin i láthair: Sammy Mellor, a bhuaigh sa bhliain 1902, John Lordon, an buaiteoir i 1903, agus Michael Spring i 1904.[5]
Ghlac lúthchleasaithe ó Chúba agus ón Afraic Theas páirt sa maratón den chéad uair, agus ba é na Stáit Aontaithe an t-aon náisiún a raibh reathaithe aige i ngach ceann den chéad trí mharatón Oilimpeacha.
Ba é seo an chéad chomórtas Oilimpeach inar ghlac daoine dubha as an Afraic páirt: beirt fhear Suánach darbh ainm Len Tau agus Jan Mashiani; tharla sé go raibh siad in St Louis cheana féin mar chuid de thaispeántas na hAfraice Theas ag Aonach an Domhain 1904.[6] D'oibrigh an bheirt acu mar reathaithe fadraoin, ag seachadadh teachtaireachtaí le linn Chogadh na mBórach.[7] Cé gur tuairiscíodh gur rith an bheirt acu cosnochta, bhí bróga ar Mashiani i ngrianghraif a tógadh le linn an rása.[4][7]