Lámhach Virginia Tech
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar 16 Aibreán 2007, thosaigh mac léinn darbh ainm Seung-Hui Cho ag caitheamh a chomhghleacaithe agus léachtóirí ag an Virginia Polytechnic Institute i mBlacksburg, Virginia.[1] Mharaigh sé 32 mac léinn agus léachtóirí sula chuir sé féin den saol. Gortaíodh 35 dhuine eile.
| ||||
Cineál | lámhach scoile dúnmharú–féinmharú dúnmharú líonmhar oll-lámhach | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 16 Aibreán 2007 | |||
Suíomh | Virginia Tech, Virginia (en) , Virginia, SAM | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Virginia Tech (en) | |||
Líon básanna | 33 | |||
Líon gortaithe | 25 | |||
Rinne Seung-Hui Cho adhradh ar bheirt ghunnadóirí Columbine, agus thug 'mairtírigh' orthu sna cáipéisí a chuir sé chuig na póilíní i rith na heachtra. Ba ar bhlaganna a bhí an cur síos ab uafásaí den slad agus iad ag cur thar maoil le físeáin agus grianghraif fón póca.[2]
San eachtra Virginia Tech, d’éirigh leis an ionsaitheoir gunnaí an tslada a cheannach go dleathach, cé go raibh comhairleoireacht chuimsitheach faighte aige d’fhadhbanna móra meabhairshláinte ar feadh na mblianta roimh ré.[3]