Janet Yellen
Eacnamaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Eacnamaí Meiriceánach is ea Janet Louise Yellen a rugadh ar 13 Lúnasa 1946. Faoi láthair tá sí ina cathaoirleach ar Bhord Ghobharnóirí Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh, a stiúrann feidhmiú na mbainceanna sna Stáit Aontaithe. Sular bhain sí an post sin amach, bhí sí ina leas-chathaoirleach ar an chóras chúlchiste. Roimhe sin, bhí sí ina huachtarán agus príomhoifigeach feidhmiúcháin ar Bhanc Cúlchiste Fheidearálaigh San Francisco, ina cathaoirleach ar Chomhairle Eacnamaíochta an Tí Bháin faoin Uachtarán Bill Clinton, agus ina hollamh le gnó ag Scoil Gnó Haas de chuid Ollscoil California, Berkeley.
Aithnítear mar shaintréith léi a cumas le teoiric na heacnamaíochta a nascadh le cúrsaí an tsaoil laethúla. Luaigh an tUachtarán Barack Obama é sin agus é á hainmniú mar chomharba ar Ben Bernanke mar Chathaoir ar Chúlchiste Fheidearálaigh na Stát Aontaithe.