Ivo Andrić
From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir, taidhleoir agus polaiteoir Iúgslavach ab ea Ivo Andrić (9 Deireadh Fómhair 1892 – 13 Márta 1975), nó Иво Андрић mar atá a ainm scríte in aibítir Choireallach. Do rugadh é ar an 9ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain 1892 i nDolac, suite gar don chathair Travnik, agus do fuair sé bás ar an 13ú lá de Mhárta na bliana 1975 i gcathair Béalgrád na hIúgslaive. Ba é ach go hairithe fén shaol mar a bhíodh sé ina thír dhúchais agus í fé smacht na n-Otamánach a scríobhadh sé ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1961.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún