Ionsaí Ottawa (2014)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla Ionsaí Ottawa ar an 22 Deireadh Fómhair 2014. Léim fear amach as gluaisteán i lár na cathrach, agus scaoil sé urchar trí bhrollach garda ag séadchomhartha cogaidh i gceantar Chnoc na Parlaiminte in Ottawa, príomhchathair Cheanada.[1] Fuair an garda bás tamaill ina dhiaidh.
| ||||
Cineál | fusillade (en) dúnmharú | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 22 Deireadh Fómhair 2014 | |||
Suíomh | National War Memorial, Ontario (en) Centre Block, Ontario (en) , Ottawa, Ontario | |||
Tír | Ceanada | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | sibhialtach | |||
Líon básanna | 2 | |||
Líon gortaithe | 3 | |||
Thiomáin an fear gunna leathchiliméadar siar go Tithe na Parlaiminte. Bhrúigh sé a bhealach isteach trí dhoras iontrála a bhí faoi dhianslándáil, agus lámhaigh sé garda agus duine eile (gortaíodh iad) sular mharaigh garda eile an sceimhlitheoir.
'Sé t-ainm a bhí ar an sceimhlitheoir ná Michael Zehaf-Bibeau, fear a d'fhás suas i gCeanada. Ní raibh ach raidhfil seanfhaiseanta aige agus comhchoirithe ar bith. Andúileach drugaí ab ea é, ar saobhchiall agus meabhairghalar air,[2] agus níorbh aon díograiseoir creidimh é i ndáiríre.[3]