Iar Chonnacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tuath agus ríocht i cúige Chonnacht ba ea Iarthar nó Iar Chonnacht, suite i gContae na Gaillimhe, go háirithe Conamara.
Tuath dhúchais Uí Bhriúin Seola na gConnacht a bhí ann. Bhíodar i gceannas ar dhreamanna Gaeil eile, amhail is Dealbhna Thír Dhá Loch agus Conmhaicne Mara. Bunaíodh an tuath sa bhliain 1051, nuair a chuir clann Uí Conchúir, ríthe Chonnacht, an ruaig ar chlann Uí Fhlaithbheartaigh as a n-áit dúchais ar Mhaigh Sheola siar thar Loch Coirib. D'fhan Iar Chonnacht mar saorthuath na gConnacht.
Ghabh an chlann Normannach, Clanricarde (de Burgh), an ceantar sa bhliain 1232. Tháinig sé faoi smacht Ríocht na hÉireann ag deireadh na 16ú haoise.
Uí Fhlaithbheartaigh |
Uí Chonchúir |
de Burgh |