Gnó
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is Gnó ann comhlacht nó eagras tionsclaíoch, tráchtála nó gairmiúil a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí. In Éirinn agus i dtíortha eile tá neart daoine ar fostú ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar nós Intel agus Pfizer, rud is baol dóibh go minic má thagann meath ar an ngeilleagar domhanda. I mórán tíortha tá rath ar ghnólachtaí áitiúla nó náisiúnta a fhreastlaíonn i slite ar leith ar phobal na tíre; in Éirinn tá leithéidí Ryanair, CRH, Kerry Group agus Glen Dimplex le fáil.
Tá roinnt fo-ábhar ag baint le cúrsaí gnó mar a leanas:
- Margaíocht
- Airgeadas
- Bainistiú Daoine
- Cuntasaíocht
- Straitéis
- Feidhmiúcháin