Gluais de théarmaí seoltóireachta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ag seo téarmaí seoltóireachta a bhaineann le longa adhmaid agus le báid.
Ní bhíodh de cheangal idir Éire agus tíortha eile ach na longa, agus tá Éire féin lán de lochanna agus d’aibhneacha. Fágann seo go bhfuil an teanga breac le téarmaíocht seoltóireachta agus loingseoireachta agus cuid di tugtha isteach ón Lochlainnis agus ón mBéarla trí lonnaitheoirí ón iasacht.
Tá tagairt déanta in Adamnani Vita S. Columbae (“Beatha Cholm Cille”), saothar Laidine de chuid an 7ú haois, do “longa fada” a bhí déanta d'adhmad giúise agus d'adhmad darach agus do choití agus do churacha a thug adhmad chun Oileán Í chun soithí a thógáil.[1] Nuair a chuir na Lochlannaigh fúthu in Éirinn sa 9ú haois bhunaigh siad bailte móra ar an gcósta agus lean siad orthu ag déanamh a gcuid long féin. I measc na bhfocal a thug na Lochlannaigh don Ghaeilge tá ancaire <akkeri, scód <skaut agus stiúir <stýri.
Bhí trádáil mhara ar siúl ag na hÉireannaigh ar feadh na meánaoiseanna agus longa ag dul siar is aniar idir Éire, Sasana agus áiteanna eile: faoin 15ú haois bhí ceannaithe i mBriostó agus in Chester ag trádáil le Port Láirge, Loch Garman, Cionn Sáile, Corcaigh agus Baile Átha Cliath.[2] Bhí iascaireacht mhara ar siúl timpeall chósta na hÉireann riamh agus tá úsáid éigin á baint as an bpúcán agus as an gcurach fós. Théadh báid Éireannacha chomh fada le Talamh an Éisc.
Bhíodh Éireannaigh ina mairnéalaigh ar longa Sasanacha agus Meiriceánacha, agus admhaíodh i ndeireadh an 18ú haois go raibh na táinte acu le fáil i gCabhlach na Breataine.[3]
Ón stair seo a d’eascair na téarmaí seoltóireachta atá le fáil thíos.