Giorrúchán (teanga)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is giorrúchán ann ná ainm a chumtar as túslitreacha ainm nó frása ilfhoclaigh eile, ar aon mhodh. (e.g. BCE, AE).[1]. Mar sin, leagan gairid d'fhocal is ea giorrúchán. Go minic is iad céadlitreacha na bpríomhfhocal san ainm a úsáidtear (mar shampla, GRMA do Go Raibh Maith Agat).
Tugtar faoi deara an difríocht idir focal giorraithe agus coimriúchán. Cailltear deireadh an fhocail (Uimh., Uas.) san fhocal giorraithe, agus cailltear litreacha laistigh den fhocal (Dr) sa choimriúchán. Ní chuirtear an ponc i ndiaidh an choimriúcháin, ach amháin i gcás “lch.” agus “lgh.”. Cuirtear an ponc i gcónaí i ndiaidh an fhocail ghiorraithe.
De réir mhír 3.2.3(c) den Chaighdeán Oifigiúil 2016 chun giorrúchán nó acrainm a dhéanamh iolra cuirtear “anna” leis má chríochnaíonn sé ar chonsan agus “nna” leis má chríochnaíonn sé ar ghuta, e.g. DVDanna; POnna.
Cé go gceadaítear sa Chaighdeán Oifigiúil, 2017 dhá chóras éagsúla maidir le scríobh giorrúchán, córas an ailt agus córas gan an t-alt, moltar an córas gan an t-alt a úsáid sa reachtaíocht. Mar shampla, úsáidtear “in AE” (san Aontas Eorpach); “Ballstáit AE” (Ballstáit an Aontais Eorpaigh); “ag NA” (ag na Náisiúin Aontaithe).Cé go gceadaítear sa Chaighdeán Oifigiúil, 2017 dhá chóras éagsúla maidir le scríobh giorrúchán, córas an ailt agus córas gan an t-alt, moltar an córas gan an t-alt a úsáid sa reachtaíocht. Mar shampla, úsáidtear “in AE” (san Aontas Eorpach); “Ballstáit AE” (Ballstáit an Aontais Eorpaigh); “ag NA” (ag na Náisiúin Aontaithe).